YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 57

57
LVII Psalm.
1Dean trócáre orm a Dhé na ngrás,
Dean trócaire orm gach ré;
Oir ionadsa ta m’anam truagh,
Ag cur á dhóigh go léir.
A’s rachuigh me fáoi sgáil do sgéith,
Mo thearmonn a’s mo neart;
Go tti a nuársin ann a dteid,
Thoram na huilc air fad.
2Eighfigh me chum ann Dé is árd,
Chum Dia ta láidir tréan;
A chuireas leam gach cúis go crích,
Mar chi se ormsa féidhm.
3Cuirfidh se neart o neamh, dom dhion,
O bhéim an fhir ler bh’áil,
Mo shlugadh: cuirfidh Dia chugam,
Fhírin ’s a ghras gan dáil.
4Tha m’anam bocht a ccómhnuidhe fós,
A meodhuin leómhan ghairg;
A measg an drong na luigh ata,
Air lasadh suas le feirg:
Dáoine ga bhfuil a bhfiacla fós,
Mar lann ’s mar shoighde géur;
Mar chloidhmhe rinneach ’s amhluidhe sin,
A dteangtha san go léir.
5Os cionn na neamh’, Dhia tóg thu féin,
Os cionn gach tír do ghlóir;
6Fa choinne mo chéim ghleus siad líon,
Chrom m’anam sios go lár.
Slocht reomham thochladar a’s thuit,
Iad‐féin san log do rinn;
7Is gléusta mo chroidhe ’s gléusda a Dhe,
Dhuit cánfad moladh binn.
8Mosgail mo ghlóirse shaltair fós,
A chlársuigh duis’g gan cháird;
Air maidin muisgil féin go moch,
A’s seinneam ceól go hárd.
9Dia measg an phobuil molfad thú,
Dhuit chánfad ’measg an csluagh:
10Oir t’fírinn a’s do thrócáre mhór,
Go neamh na néul do chuaidh.
11Arduighthir thúsa ’Dhia na bhfeart,
Os cionn ard‐neamh na spéur:
A’s tógthar suas do ghlóir go hárd,
Os cionn gach tír go léir.

Currently Selected:

Psalm 57: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in