Psalm 56
56
LVI Psalm.
1Ormsa dean iocht a Dhe, na ngrás,
Oir shluigfidh namh’d me suas;
A ta go dian dom shárúghadh,
Gach la le cogadh cruaidhe.
2Seadh b’áil le m’eascárdibh gan iocht,
Mo shlugadh suas gach lá;
’S ro lionmhur iad, ta cogadh leam,
Gan adhbhar na cionfáth.
3A laethibh m’eagal earbhaim ort,
Ó thusa Rí is árd:
4Ard‐mholfuidh me agus a nDia,
Chuirim mo dhóigh go bráth.
Ní gheóbh’ me faitchios uime sin,
As go brách ni heagal leam;
Na fheadas féoil a dheanamh orm,
Dod olc, le imirt theann.
5Mo bhriathra taid da bhfásgadh fós.
Gách la mar is toil leó;
Chum doilghíos agus dochair dhamh.
Ta smuainte san gach ló.
6Ta siad le chéile a cruinniughadh,
A’s iad da bhfolach féin;
A bhfeitheamh m’anma, air mbeith dhóibh,
A cómhairiughadh mo chéim.
7An rachuidh siad as mar sin saor,
Le urchóid mhór gan tamh?
A d’fheirgse leag an pobal síos,
A Thighearna led’ laimh.
8Mo sheachrán air an aireamh leat,
Ad bhuideall taisg mo dheor;
Nach bhfuilid an do leabhar féin,
Air cuimhne fós gach buair.
9Mo naimhde fillfighear air a nais,
Trath gháirfead ort go teann:
Is aithne dhamhsa so go beacht,
Oir ta Iehobhah leam.
10A nDia a bhriathra molfa me,
Molfad a nDia a reacht;
11A’s ansa Tighearna go tréun,
Mo dhóchus tá go beacht.
Is air an adhbhar úd a Dhe,
Ni bheith ean eagla dham;
Na bhfeadas duine dheanamh leam,
Nach bhfuil e féin ach fann.
12Do mhóide taid ormsa a Dhe,
Is iocuim duitsa clúdh;
13Oir m’anam bocht go saor ón mbás,
Go grás’mhuil dfuasguil tú.
Nach sáorfa tu mo chosa fós,
O shleamhnughadh nís mó?
A chum go ngluaisfinn láthair Dé,
A solus dháoineadh beó.
Currently Selected:
Psalm 56: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836