YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 55

55
LV Psalm.
1Tabhair éisteacht dam ghuidhe a Dhé,
’S mo ghearán na diultuigh féin;
2Tabhair aire a’s éist me ta cáoidh,
Le brón ’s le fuaim ro ghéur.
3Air son ghuth m’eascárde go léir,
A’s fóirneart fós na ndaoidh:
Oir olc a theilg siad orm, a bhfeirg,
Dhamh thug siad fuath gan díth.
4Mo chroidhe am chúm ta cráidhte goirt’,
Thuit oramsa eagla bháis;
5Crith agus uadhbhás tháinic orm,
Ga’m shlugadh ’s me a nguais.
6Ansoin dubhairt, is truagh nách raibh,
Sgiath choluim agam anois;
An sin theithfin ag eitealúigh,
Agus gheóbhain suaimhneas.
7Féuch rachfain fós air sheachran fhad,
Chum sgíth a bhfásach chruaidh;
8A’s dheanfuinn deithnios le dhul as,
O dhoinnean garbh na ngaoith.
9Dhia sgoilt a’s sgrios ’dteangtha oir chím,
’S an mbaile fóirneart mhór:
10Taid dul a mballuibh oidhce a’s la,
Ta amhleas ann a’s brónn.
11Eagcóir ro mhór a’s olc a ta,
Na meadhoin sin gan cheist:
Seadh feall ó na sráidibh a’s cealg,
Ni dhealúighion sud gan feasd.
12Ni he mo námh’d tug masladh dhamh,
D’fuilingfin sin go réidh:
’S ni e fear m’fuath a deirigh rium,
Oir rachfuinn uaidh me féin.
13Ach thusa, fear is cuailluidhe dhamh,
Fear m’eóluis a’s fear m’iúil;
14Budh bhlasda ar ccómhairl ’dol le cách,
Go hárus Dé na ndúl.
15Sealbh gabhadh orra an bás go grad,
Go hifrionn theidh siad beó:
Oir aingidheacht na chómhnuidhe ta,
Na meadhuin sud gach ló.
16Ach mise gláoidhfidh‐me air Dhia,
Saorfuidh Iehóbhah me;
17Glaodh árd a’s urnuigh ghnidh me ris,
Moch, feasgair ’sa meadhuin lae.
18A’s cluinfigh se go grad mo ghlaoidh,
M’anam se shaor a síth;
Ón ccath ’s on ccómhrac d’eirigh rium,
Tráth sháruigh móran mé.
19Cluinfidh an Dia ta láidir beó,
’S bheir doruing orra a’s pian;
Seadh fós a nDia air marthuin ta,
’S a bhí o chian na ccian.
Is air an adhbhar fós nach bhfuil,
Claochladh air bith na stáid:
Eagla an Tighearna uime sin,
Do theilg siad diobh air fad.
20A lamh do shín an aghuidh súd,
A bhi a siothcháin ris:
A chonnradh is a nasgadh dhluith,
Go fealltach orra bhris.
21Budh shleimhne briathra bhéil na ím,
Ach cogadh cruaidhe a mian:
Budh bhlaithe a ccaint na olla thlaith,
Gidheadh budh chloidh’mhthe dian.
22Ach teilg do chúram trom air Dhia,
’Se ghnídh do chongmháil suas:
Ni léigfidh choidhche an fíréun cóir,
Ó n’ shiothcháin féin a nguais.
23Ach thusa féin a Rí na bhfeart,
A d’ fheirge cheirt a Dhé;
A slochd da milleadh, teilgfigh tu,
An bhúidhean úd gan bhéus:
Na daoine cealgach fuilteach claon,
Ni mhairfigh leath a ré:
Ach ionadsa a Dhé na slóigh,
Mo dhóchas cuirfigh mé.

Currently Selected:

Psalm 55: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in