Psalm 54
54
LIV Psalm.
1Tre d’ainm teaguisg mise, a Dhia,
Dean cómhthrom riom léd’ neart;
2Éist m’uirnidhe tabhair fa ndear a Dhe,
Briathra mo bhéil go ceart.
3Oir d’eirigh coigcríche ’m’aghuidh suas,
Locht fóirneirt ta go dian;
A dtóir air m’anam sin níor chuir,
Siad Dia na ccómhair riamh.
4Ach féuch, se Dia m’fear cabhartha,
Mo sheasamh an ’sgach crua’s;
Bidhean Iehobha ris a ndreám,
A chongmhas m’anam suas.
5Aimhleas dom naimhdibh díolfuidh Dia,
Ad fhírinn dean an sgath;
6Go toileamhuil bhéarfad iodhbairt duit,
Dhe, molfad th’áinm do ghnáth.
7Oir rín se sáorsa ’s fuasgladh dhamh,
O m’uile bhrón go tréun:
Ionus go bhfeacadh me mo mhiann,
Air m’eascáirdibh go léir.
Currently Selected:
Psalm 54: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836