YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 53

53
LIII Psalm.
1Iona chroidhe deir an tamadán,
Ni bhfuil ann Dia air bith:
’Taid truaillidhe gráineamhuil ’na locht:
Ni bhfuil ann neach ghnidh maith.
2D’amhairc an Tighearna ó neamh,
Air chloinn na ndaoine ’nuas;
Féachuinn an raibh tuicse ag neach,
A diarrfadh Dia na ngrás.
3Oir chuaidh gach aon diobh air a nais,
Ro thruaillidhe iad go léir;
Ní bhfuil aonneach a dheanadh maith,
Ni bhfuil aoinncach fán spéir.
4Bhfuil ag na ciontuibh tuicse air bith?
Ta ’g itheadh suas go dian;
Mo phobalsa mar arán blasd’,
’S nach bhfuil a gárm air Dhia.
5An sin do ghabhadar eagla mór,
’S gan adhbhar eagla ann:
Spréidh Dia a chnamhasan o chéil’,
Do champuigh ort go teann.
Is mar an ccéadna chuir tu iad,
Gur lasadh a ngruaidh le náir’;
Do bhrígh go ndearnuis orrtha a Dhia,
Trom‐mhasladh agas táir.
6Se so mo ghuidhe á’s m’athchuinge,
Go ttuguidhe Dia na bhfeart;
Cobhair da phobal Israel,
A Sion féin le neart.
An trath bheir Dia ár ais o bhruid,
A phobal féin le chéil’;
Air Iacob bion aoibhneas mór,
A’s aiteas air Israél.

Currently Selected:

Psalm 53: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in