YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 52

52
LII Psalm.
1Creud fá ndeanair, a ghaisgidh thréin,
Uaill as an olc go mór?
Mairfigh go brách air feadh gach lá,
Deagh‐mhaitheas ríg na nglóír.
2Do theanga thionsguin aimhleas claon,
Chum ceilg mur ealtuin ghéar;
3Is annsa leat an tolc na’n mhaith,
A’s bréuga na briathra fíor.
4’Theanga chealguidh is ionmhuin leat,
Gach focal mílteach olc;
5Ghnidh Dia go síorruidhe mar an ccéadn’,
Lan‐sgrios a tharruing ort.
Sgathfuighear thu ’mach as do theach,
Grad‐spionfar thu go tur;
A ttalamh is a ttir na mbeó,
Beanfuidh do fhreamh as bun.
6Súd chí an fíréun a’s gabhuidh sgáth,
A’s ghnidh se gáire fós;
7Féuch so an fear nár dhóigh a nDia,
Mar dhaingion a’s mar threóir.
Ach, a niomad a saidhbhris mhóir,
A dhóchus chuir go tréun;
’Naingidheacht a’s ’nna mháoin le chéil’,
Do neartuigh se e féin.
8Ach mise mar chrann oluibh ta,
A nárus Dé do ghnáth;
A cur mo dhóchuis ann a ghrás,
Le fad mo ré ’s mo lá.
9Go síorruidhe suthuin moluim thu,
Do bhrigh a ndearnadh leat;
Feitheamh ár d’ainm oir ta se maith,
Lathair do náoimh go hait.

Currently Selected:

Psalm 52: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in