YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 51

51
LI Psalm.
1Dean trócair orm a Dhé na ngrás,
Ad thrócaire saorsa me;
Sgrios as do réir do chaoineas ghrá’ch,
Cionta a’s olc mo shlighe.
2Go hiomlán ionnuil me om locht,
Glan me om choir ad ghrádh;
3Mo pheacuidhe taim ag admháil fós,
’S leir dhamh mo locht a ghnáth.
4Ad aghuidh, ad aghuidh féin a mháin,
Do pheacuidh me go trom;
Is ann do radharc, féin a Dhia,
Ta’n tolc a rinneadh leam.
Do chum ar labhairt dhuit a mach,
Go mbeithea fírinneach;
’S go mbeithea glan, tráth bheirir breith,
A’s ceart neimhéugcórach.
5A bpeacadh féuch, do dhealbhadh me,
Agus a cciontuibh fós;
Do ghabh mo mháthair me na bróin,
Trath ginneadh me ó thús.
6A ttaobh a stigh don chroidhe, féuch,
An fhírinn ’s ionmhuin leat;
’S a nionad diamhair d’foillsíghis,
Dhamhsa crionnacht ceart.
7Le hisoip déunsa mise glan,
A’s biaidh me glan go beacht;
Dean m’ionnladh fós mar sin do bhím,
Nios gile dhuit na’n sneacht;
8Luathgháire bhearair orm a chlos,
A’s fonn an aoibhneas ait;
Mar ghnidh gáirdeachas go mór,
Na cnámha briseadh leat.
9Om pheacuidhe a’s óm’ chiontuibh féin,
Foluigh do ghnúis a Dhé;
Mo sheachrán agus m’eagcóir fós,
Glan tusa uaim go réidh.
10A Dhia, cruthuigh ionnam croidhe glan,
Athnuaghaigh spiorad ceart;
11Na teilg od’ láthair me ’sna tóg,
Do spiorad naomhtha leat.
12A’s aisig damh úrgháirdeachas,
Do shláinte cáirdeamhuil féin;
As deansa fos mo chongbháil suas,
Led spiorad shaor go tréun.
13An sin, múinfigh me do shlighe, a Dhé,
Don dream ta deanamh locht;
Ish fílfighthear riot le aithreachas,
Na ciontuidhe truagha bocht.
14O chiontuibh fola saorsa me,
O Dhia, a Dhé mo shláint;
Sinnfigh go hárd air d’fíréuntacht,
Mo theanga ann ’sgach áit.
15Mo bhile a ta duinte suas,
Fosguil a Dhe go hárd;
An sin do mholadh le mo bhéul,
Cuirfead a ccéill ’sgach áit.
16Oir iodhbairt ni iarrann tu,
No bhéarfainn duit gach ré;
An ofráil loisge fós air bith,
Ni bhfuil do thlacht a Dhé.
17An spiorad bhriste túirseach trom,
Sud iodhbairt Dé na ndúl;
Re croidhe briste brúite a Dhe,
Go brách ni chuir tu cúl.
18A’d dheagh‐ghean, déansa maith, a Dhe,
Air Shion do chnoc féin;
Babhuin Ierusalem go luath,
Tóg suas led’ láimh go tréun.
19Iodhbuirt fíre is ionmhuin leat,
Ofráil ’s lán ofráil loisg;
An sin beirthear colpach dhuitse suas,
Air th’altóir naomh gan chosg.

Currently Selected:

Psalm 51: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in