YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 50

50
L Psalm.
1Labhair an Ti’arna Iehóbhah tréun,
An talamh ’ghairm go léir;
O’n árrd shoir go dti an árd shiar,
O éirghe ’s go luidh gréin.
2As Sion ard is aille dreach,
Do dhealruigh Dia na bhfeart;
3Oir thig ar nDia ’s ní bhiadh na thost,
Ach labhruigh se le neant.
Theid teine mhillteac rí na ghnuis,
A lasadh suas go garg;
’S na thimchiol‐san go doinineach,
Bidh‐se na chaora dearg.
4Air talamh a’s air neamh na naomh,
Ard‐ghármidh se go tréun;
Go ttuguidh se ceart bhreitheamhnas,
Air uile dhaoine féin.
5A m’íonsuidh cruinighidh mo naoimh,
A’s tionóluidhe an dream;
Do rinn go dilios a’s go dluith,
Le hiobárt connradh leam.
6A fhíréuntacht, ghnidh neamh na néul
A chuir a ccéill a nam:
Oir is se Iehóbhah féin go beacht,
Amháin is breitheamh ann.
7Mo phobal Israél eistidhe riom,
’S labhróchuigh me go ceart:
Ad aghuidh, thógaim fiadhnuis fhíor,
’S me Dia, do Dhia go beacht.
8Ttaobh ofráilibh ni thagraid thu,
No fós fa iodhbhárt loisg’,
Oir m’fiadhnuise thug tu iad do ghnáth.
A’s fuaras iad gan fhios.
9Oir as do thigh ni ghéubhad uait
Mar iodhbhairt bulóg óg,
’S ni ghéubhad gabhar firionn fós,
Mar ofráil as do chró.
10Gach beathach beó ata a ccoill,
Is leamsa sin go léir,
’S na huille spréidh air mhíle cnoc
Ta ’g inghilt air an bhféur.
11Na héunlaith ’s aithne dhamh ár fad,
Ta ’geitealúgh feadh bheann:
’S leam gach beathach allta fós
Feadh gharbhlocc agus gleann.
12Géur‐ocras da mbeith orm no gort’,
Ni chuirfuinn dhuit a ccéill,
Oir ’s leam an domhan da niathan grian,
Is a bhfuil ann go léir.
13Fuil ghabhair ’n e go nólfuin uait?
Feól thairbh go niosain í?
14Ioc iodhbairt bhuidheachuis do Dhia,
’S do mhóide don árd rígh.
15A la do bhua’rtha a’s do bhróin,
Goir orm ann sin go ceart:
Ort fuasglad a’s bheir tusa glóir
Do m’ainmse a chuidigh leat.
16Ach ris an cciontach labhran Dia,
Mo reachta a chuir a ccéill
Ann cuibhe dhuit, no gabháil fós
Mo connradh ann do bhéul?
17Do m’achmhusán ó thug tú fuath,
A’s spéis a riamh níor chuir;
Ach theilg mo bhriathra air do chúl,
Da nduiltadh uait go tur.
18Ma chíghean tu án gaduidhe dán,
Aontuigh tu leis a nolc:
A’s le lucht an adhaltranuis,
B’fear‐cumuinn tu na locht.
19Do theanga thug tu chumadh bhréug,
Chum uilc thug tu do bhéul.
20Dod bhráthair shuidh tu tabhárt guith.
A’s do mhac do mhathar béum.
21Na nithese do rinneadh leat,
A’s d’fan me fós am thocht;
A’s sháoil tu mar ata tu féin,
Gur b’amhluidhe me’n sgach locht.
Ach cronóchad do pheacuidhe dhuit,
Ad láthair chuirfead iad;
Do chuim go bhfeicid do dhá shúil,
Nach folchear orm a meud.
22O sibhse a dhream nach ccuimhnighion Dia,
Noís tuigidhe so a nam;
D’eagla go réubfuinn sib go cas,
Gan neach da’r bhfurtacht ann.
23An te bheir iodhbárt moladh uaidh.
’Se sin bheir dhamhsa glóir;
Oir nochtaim sláinte Dé don fhear,
A ghluaiseas mar is cóir.

Currently Selected:

Psalm 50: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in