Psalm 49
49
XLIX Psalm.
1Eistidhe a phobuil uile so,
Da bhfuil san ccruinne ché;
2A’s cluinnidhe idir mhór a’s bheag,
Ma’s bocht no saidhbhir é.
3Air thuicse smuaineóchuidh mo chroidhe,
Air ghliocas thig mo bhéul;
4Claonfad mo chluas chum cosamhlachd,
Nochtfad caint dorch’ air théid.
5Creud fa’r b’eagal damh laéthe oilc,
Go ccuirfinn iad asuim;
Mor‐aingidheacht a’s locht mo shál,
Tráth d’iath siad or’m go cruinn?
6An drong a chuiris ’na saidhbhrios,
A ndóchus go Han‐mhór;
A’s do ghní aidhbhéil asta féin,
A dtaobh an‐mhéid a stóir.
7’Dhearbhraithir ni fhuaisceóluidh neach,
Ó ghabhadh na ó phéin;
Ag tabhairt éiric as do Dhia,
Ni feidir leis ’na fhéidhm.
8Fuasgladh an anma ’s luachmhór e
Fior‐choisgion se go beacht;
9Go mairigh se go síorruidhe beo,
Chor nach bfeicfeadh truailligheacht.
10Oir chí sé fós na daoine glic,
’S an dream air diobháil ceill,
’S na hamuid fagbháil toic do chách,
A’s fághuil bháis iad féin.
11Smuaingion siad go márfigh a dteach,
’Sa ccómhnuidhe ’feadh gach ré,
Ag tabhárt air a bhfearann ainm,
Do réir a nainme féin.
12Gidh an duine an urraimh mhóir,
Ní mhaireann ann go buan;
Ach amhluighe mar an tainmhidh truagh
Chum báis a shiubhlas uainn.
13A slighe súd is éigchríonnacht í,
Taitnid an‐chaint re’n sliocht.
14Mar chaoiridhe dul a nuaigh ta siad,
Na mbiadh don bhás gan iocht.
Na fíréunuidhe gheibh ós a ccionn
Sar‐uachtránacht go moch,
Sa nionad cómhnuidhe ann sa nuaigh
Searguidh a scéimh sa ndriuch.
15Bheir Dia do m’anam fuasgladh saor,
O chumhacht bháis a’s uaigh,
Oir gabhuidh se me chuige féin,
Dam theasargain le buaidh.
16A nuair a ghnithear saidhbhir neach,
Na glacadh faitchios tú,
’S an tan a chinneas glóir a theach,
Na cuireadh ortsa tnúth.
17Oír a nuár shiubhlas se don éug,
Aonnidh ni bheirean leis:
San uair a théidh se sios don uaigh,
A ghlóir ni leanan ris.
18Seadh anam gidh do bheannuidhe se,
An feadh a bhi se beó;
’S thusa, ma ghnidh tu maith dhuit féin.
Ó dhaoinibh ghéibh tu glóir.
19Go dín a shinsir rachaidh se,
Solus ni fhaic go brách.
20An duin’ a nonóir ’s e gan chéill,
Mair ainmhidhe gheibh se bás.
Currently Selected:
Psalm 49: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836