Psalm 48
48
XLVIII Psalm.
1Is mor Iehobha, Dia na bhfeart,
An chaithir ard ar nDia;
A’s air shliabh ard a naomhacht féin,
Ionmholta choidh ar dTriath.
2Binn Shion ’s breagha a suighiudhadh,
Aoibhneas gach fearuinn í;
Is dluith dhi air an taobh o thuaidh,
Ta Caithir an ard‐Righ.
3Aithnighthear Dia ’na phalásaibh,
Mar thearmuinn an ’sgach airc;
4Óir feuch, trath bhi na righthe cruinn,
Le cheile ghabh’dar thort.
5Chonairc siad súd a’s b’iongnadh leó,
A’s dheifrígheadar as;
6Ghlac eagal iad an sin a’s pian,
Mur mhnaoi le saothar cas.
7Cabhlach Thársis le gaoith a nsoir,
Min‐bhristear leat go luath;
8Mar chualadh ’s amhluidhe chonnárc sinn,
A mbaile Righ na sluagh.
A mbaile ar nDia, se Dia go brath,
Ghnidh daingean e le neart;
9Ad’ theampull air do chaoimhneas caoimh,
Dhia smuainidh sinn go ceart.
10Mar th’ainm is amhluidhe sin do chlúdh,
Go crioch na talmhuin tá;
Do dheas‐lamh lann do fhíréuntacht,
’Dhia! ann sgach beart do ghnáth.
11Bhinn Shion go mbudh haoibhin í,
A’s inghion Iúdah ait;
Air son do breathamhnuis a Dhé,
Ta cómhthromach a’s ceart.
12Siubhluidhe timchioll Sion naomh,
Fa gcuairt go hana chruinn;
Aireamh a babhuin ard go dluith,
’Sa caisil trein gach aon.
13Tuguidhe fa ndear’ a balluidhe breagh,
’Sa palásaibh go beacht;
Chum sin go ccuirfeadh sibh a ccéill,
Don drong ata le teacht.
14Oir se an Dia so féin ar nDia,
Go síorruidhe a’s go bráth.
Se fos a stiuras sinn go ceart,
Go huair a’s am ar mbáis.
Currently Selected:
Psalm 48: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836