YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 44

44
XLIV Psalm.
1Lé’r ccluasuibh chualaidh sinn a Dhé.
Ar sinnsear chuir a ccéill;
Na gnicmhartha do rinneadh leat,
A naimsir fhada ccéin.
2Led’ laimh mar theilg tu ’mach na slóigh
A’s iadsan chur na náit;
Mar rinnis air na cineadh claóidh,
Acht dhoibhsean thugaigh sáith.
3Oir seilbh na tíre ni bhfuaradar,
Le na gcloidheamh ro ghlainn;
Ni mo rine a ngárda féin,
A saoradh fos ó ghoin.
Ach do laimh dheas thug dhoibh an buaidh,
Do rígh ta neartmhar tréun;
A’s solus glan do ghnuis ó chiann,
Go ttug tu dhoibhsean aónt’;
4Oir is tusa féin Dhia na bhfeart,
Mo Thighearna a’s mo Rígh;
Furtacht do Iacob orduigh uait,
A’s fuasguilt arr gan díth.
5’S an tríd do neartsa leagfair sios,
Na huile is namhuid duinn;
Tríd’ h’ainmsí saltoram fuinn,
An drong a eirghios chú’in.
6Oir as mo bhogha ni dhéanfad dóigh,
Ni furtacht dhamh mo lann;
7Acht ’s tusa náirigh lucht ar bhfuath,
O’r naimhdibh shaorais sinn.
8Air feadh an laé is ann ar nDia,
A ghnidh sinn uaill a’s glóir;
As t’ainmse fós air feadh gach dinn,
Ard‐mholfuidh sinn go mór.
9Acht rinn tu ’nois ár tteilgion dhiot,
A’s náirigh tusa sinn;
A’s ’mach lé’r sluaghtuibh ’slé’r mbuidhin,
Ni bhfuil tu fein dul linn.
10A dteitheadh chuir tu sinn air ais,
Ó’n namhuid ghéur ’s an ccath;
A’s lucht ar miorúin ’taid dhoibh féin,
Ag deanamh créich a’s sgáth.
11Mar mhinealaigh thug sin mar bhiadh.
’Measg gheintibh scaoileas sinn;
12’Reic tu do phobál féin gan ní,
’S nior mheud’ios luach da ccinn.
13Do rinnis scanuil dhinn go truagh,
D’ár ccómharsanuibh go léir;
Ball‐maguidh da bhfuil fa ccuárt,
A’s ball‐fanuid mar an cceadn’.
14A measg na gcineadhach air fad,
Sean‐fhocal rinnis dhinn;
’S measg an phobuil an ’sgach áit,
M’ár adhbhar crathadh cinn.
15Ta m’amhgar a’s mo mhasladh ghéur,
A’m’ fhiaghnuise féin do ghnath;
Rinn náire ’s lasadh fós mo ghruaidh,
M’folach go truadh gach la.
16Se sin mo chor’ ttaobh ghuth an fhir,
A cháineas me go holc;
’S a spreagas me, ttaob a namháid,
’S an dioghaltuigh ’sa locht.
17Sud uile ge do tháinic ornn,
Nior dhearmuid sinne thu;
Nior rinneamar bréug no briseadh claon,
’Naghuidh do chunnruidh dhlúith.
18Nior thaobh ar naigne uatsa a riamh,
Ni chuaigh ar ccroidhe air ccúl;
Ód’ shlighe fós, nior chlaon ar ccos,
’S nír chuaidh air seachran siú’l.
19A’s gidh gur bhruigh tu sinn go mion,
A nionuid dhraguin sios;
A’s gidh gur fholuigh tusa sinn,
Le sgáile an bháis arís.
20Ma se gur léig sinn as ar ccuimh’n,
Ainm uasal ard ar nDé;
No go hiomhaigh coimhthigheac bhreig,
Ar lamh gur shín sinn réidh.
21Nach spionfuigh Dia so fein amach,
Oir aige ta sáirfhios;
Air dhiomháreacht a chroidhe a stigh,
Gach cor a ta’n a’s cleis.
22Oir air do shonsa mharbhuighthear sinn,
Air feadh an lae go léir;
Mar chaoire ta sin air ar meas,
Chum cosgartha go géur.
23Mosguil cred fa na gcodlan tu,
Dhia eirigh as do shuan;
Go brath na teilgse sinne amach,
Na triall sa fada uainn.
24Creud as fár fholuigh tu do ghnúis,
Creud as fár dhearmuid tu;
Ar namhgar a’s ár négean mór,
Ag iathadh or’nn go dluth.
25Oir chrom ár nanam sios do’n uir,
Ar mbruinn re talamh theann;
26Ad thrócáre eirigh cuidigh linn,
A’s furtuigh ornn san am.

Currently Selected:

Psalm 44: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in