YouVersion Logo
Search Icon

Psalm 45

45
XLV Psalm.
1Adhbhar abhráin naoimh agus ceoil,
Ta ’deachtadh suas am chroidhe;
A’s labhruim air an obair sin,
Do Rinneas féin don righ.
Mar pheann sgríobhnóra dheithneasuigh,
A sgríobhas sios go luath;
A’s amhluidhe sin mo theanga ta,
Air t’onóir ard da luadh.
2Is aille thu na sliocht na ndaoin’,
Ta grása ort go fial;
Is air an adhbharsin rinn Dia,
Do bheanughadh do shior.
3Deasuigh do chloidheamh air do leis,
O thusa ghaisgidhe mhóir;
Led’ chumhachta ’s led dhaitheamhlacht,
Led’ mhaiseamhlacht ’s led ghlóir.
4’Bhrigh fhire, ceansacht agus cheirt,
Marcuigh go buaidheach árd;
A’s nithe uamhar múinfigh dhuit,
Do dheas‐laimh an ’sgach áit.
5Is géur do shoighde sgriosfar leo,
Eascárd uile an righ;
Thrid sin tuitfidh an pobul fúd,
A’s ghnidhtear leat a cclaoidh.
6Go suthain a’s go siorruidhe ta,
Do chathaoir rióghdha féin;
A’s colbha fíréuntacht, a seadh,
Colbha do río’cht a Dhé.
7Do ghrádhuigh tusa fíréuntacht,
A’s thug tu fuath don olc,
Os cionn do chompánuigh dhoirt Dia,
Do Dhiasa, ol’ chluas ort.
8Don alos, mhir a’s casia,
O t’éudach boladh chuir;
Leo sud go raibhis luathgháireach,
Od phailís mar eibir.
9Ar measg do mhnáibh onóracha,
Ta ingiona an righ;
A’s an or Óphir air do dheis,
Do Rioghán seasuigh si.
10A inghion eist, a’s feuch go dluith,
Agus claon sios do chluas;
Tigh th’athara ’s do dhaoine féin,
Na cuimhnigh o so suas.
11Santóchuidh mar sin an righ,
Do sgéimh ro thlacht do féin;
Óir ’se do Thi’arna a’s do Thriath,
T’uir urraim do a’s géill.
12Thig ingheana Thíor chugad fós,
Le tiodhlacadh go luath;
A’s iarran siadsean grás a’s iocht,
Ta neartuighthe sa tsluagh.
13Inghean an righ go dearbh a stigh,
Ta uile lán do ghlóir;
Ta culuidh éaduigh uimpe fós,
Air oibriughadh le hór.
14Ann a brat d’obair shnathuid gréis,
Beirthear chum an righ;
Na maighdiona a compánuidh,
Da leanmhuin dluigh na diáigh.
15Le luathgháir a’s lé gárdeachas,
Le subhachas gan díth;
Le haoibhneas theid siad uile suas,
Go luathar árd an rígh.
16A náit haithreacha biaidh do mhic,
Mar phrionsuidhe tréana mór;
Air na suigheócha le deis‐laimh De,
’S an talamh mar is coír.
17T’ainm glórmhar do gach linn a thig,
Air cuimhne cuirfigh me;
A’s bheir mar sin an pobul dhuit,
Ard‐mholadh feadh gach ré.

Currently Selected:

Psalm 45: PSA1836

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in