Psalm 43
43
XLIII Psalm.
1Déan cómhthrom riom a’s tagár féin,
No chuis on ccineadh olc;
On éaccórach ’só fhear na ceilg,
Dhé saor me ó na locht.
2Cread as fá’r theilg tu mise uait,
’S gur tu mo Dhia ’s mo threóir;
Creud as tre fóirneirt m’eascárdeadh.
Far shiubhlas féin faoi bhrón?
3Dhia, th’fírinn a’s do sholus glan,
Léig chugam iad amach;
Dom threórughadh chum do thuluigh naomh;
’S mo thabhairt chum do theach.
4Ann sin rachad chum altóir Dé,
An Dia sin m’aoibhneas mór;
Air Chláirsigh binn molfadsa thu,
O Dhé ’s tu Dia na glóir.
5Ó m’anam creud fa’r leagadh thu,
Le dioghbháil meisnigh sios;
A’s creud fa bhfuil tu ttaobh ’stigh diom,
Fuidh aithmhéal a’s fuidh sgith.
Cuir dóchas daingion ann do Dhia,
Oir molfad e do ghnáth;
O se is sláinte do mo ghnúis,
’Sgur e mo Dhia go bráth.
Currently Selected:
Psalm 43: PSA1836
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836