YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 111

111
Salm 111.
Confitebor tibi.
1Tabharfaidh mé buíochas leis an Tiarna ó iomlán mo chroí: i measc na gcreidmheach os íseal, agus i gcruinniú an phobail.
2Is mór iad oibreacha an Tiarna: bíonn iarraidh orthu ag an drong a chuireas dúil iontu.
3Is inmholta inonóraithe a shaothar: maireann a fhíréantacht de shíor.
4Rinne Tiarna trócaireach na ngrást a oibreacha iontacha ar an gcuma: go mba cheart cuimhne a choinneáil orthu.
5Thug sé bia don dream darb eagal é: ba chuimhin leis a chonradh go deo.
6Thaispeán sé cumhacht a oibreacha dá phobal: go dtuga sé oidhreacht na bpágánach dóibh.
7Is iad an fhírinne agus an ceart iad oibreacha a lámh: is fíor iad a aitheanta go léir.
8Seasann siad go daingean choíche agus go deo: is de réir fírinne agus cirt a dhéantar iad.
9Chuir sé fuascailt chuig a phobal: dʼordaigh sé a chonradh go deo; is naofa oirmhinneach a Ainm.
10Tús eagna eagla an Tiarna: is dea‑thuisceanach a ndéanann dá réir; maireann a mholadh go deo.

Currently Selected:

Na Sailm 111: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy