Na Sailm 112
112
Salm 112.
Beatus vir.
1Is beannaithe an duine darb eagal an Tiarna: is mór an dúil a bhíos aige ina aitheanta.
2Beidh a shíol cumhachtach ar an talamh: beidh beannacht ar shliocht na gcreidmheach.
3Beidh maoin agus ollmhaitheas ina theach: agus maireann a fhíréantacht go brách.
4Éiríonn solas ar lár an dorchadais don duine diaganta: is trócaireach carthanach fíréanta é.
5Bíonn an dea‑dhuine trócaireach, agus tugann sé iasachtaí uaidh: agus toghann sé a bhriathra le stuaim.
6Óir ní bhainfear bogadh as go brách: agus cuimhneofar ar an bhfíréan go síoraí.
7Ní bheidh eagla air roimh dhrochscéala: óir seasann a chroí go daingean, agus creideann sé sa Tiarna.
8Bíonn a chroí láidir agus ní lagóidh sé: go bhfeice sé mian a thola ar a naimhde.
9Scaoil sé thart a mhaoin agus bhronn sé í ar na bochta: agus fanann a fhíréantacht i gcónaí; gheobhaidh a bheann céim arduithe agus onóra.
10Feicfidh an drochdhuine é, agus goillfidh sé air: beidh díoscarnach fiacal agus cnoí air; rachaidh a mhian amú ar an drochdhuine.
Currently Selected:
Na Sailm 112: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965