YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 110

110
Salm 110.
Dixit Dominus.
1Is é dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo láimh dheas, go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.
2Sínfidh an Tiarna slat do chumhachta as Síón: bíodh an réim agat, go fiú i gceartlár do namhad.
3I lá tionóla do shlua beidh do mhuintir á dtairiscint féin go deontach naomh‑ó‑mósach: beidh dʼógfhir mar dhrúcht na maidine ann.
4Thug an Tiarna mionn, agus ní bheidh aithreachas air: Is sagart tú go síoraí de réir oird Mhelcisadec.
5Beidh an Tiarna ar do thaobh dheas: ag gonadh na ríthe féin i lá a fheirge.
6Tabharfaidh sé breithiúnas i measc na bpágánach; beidh na háiteanna lán aige de choirp mharbha: déanfaidh sé dhá leath de lucht ceannais na seacht dtíortha.
7Ólfaidh sé as an sruthán ar an slí: dá bhrí sin ardóidh sé a cheann.

Currently Selected:

Na Sailm 110: OC1965

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy