YouVersion Logo
Search Icon

Apacailipsis (Taispeántadh) 5

5
1Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala; 2agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?” 3Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air. 4Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air. 5Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! Bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n-osclódh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
6Agus chonaic mé an tUan, mar a bheadh tar éis a bhásaithe, ina sheasamh i lár slí, idir an rí-chathaoir agus na ceithre dhúil bheo, agus na seanóirí; bhí seacht n-adharc air agus seacht súil aige arbh iad seacht spiorad Dé a seoladh amach ar fud an domhain uile. 7Agus tháinig sé agus thóg sé an scrolla as deaslámh an té a bhí ina shuí sa rí-chathaoir. 8Agus nuair a thóg sé an scrolla, shléacht na ceithre dhúil bheo agus an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an Uain, agus ag cách díobh bhí cruit agus cuach óir lán de thúis–urnaithe na naomh is ea iad sin. 9Chan siad iomann nua dá rá:
“Is fiú thú an scrolla a ghlacadh,
agus a shéalaí a bhriseadh,
óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú
daoine do Dhia le dʼfhuil,
as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,
10agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia,
agus rialóidh siad ar talamh.”
11Ansin sa bhfís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na rí-chathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte. 12Agus is é a bhí dá rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.” 13Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus sa bhfarraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, dá rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.” 14Agus dúirt na ceithre dhúil: “Áiméan.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in