Apacailipsis (Taispeántadh) 4
4
Na Físeanna Fáidhiúla
Cuireann Dia an Domhan i Lámh an Uain
1Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus bʼiúd doras oscailte ar Neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé dá rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.” 2Bhí mé faoi luí an Spioraid gan mhoill, agus, féach, bhí rí-chathaoir suite sna flaithis, agus neach ina shuí sa chathaoir sin. 3Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na rí-chathaoireach ar dhealramh na smaragaide.
4Bhí ceithre rí-chathaoir fichead mór-thimpeall na rí-chathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna rí-chathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann. 5Gabhann amach ón rí-chathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na rí-chathaoireach, agus is iad-san seacht spiorad Dé. 6Agus os comhair na rí-chathaoireach tá mar a bheadh farraige ghloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an rí-chathaoir, agus mór-thimpeall na rí-chathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar. 7Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt. 8Agus bíonn sé sciathán ar gach ceann de na ceithre dhúile bheo, agus iad lán de shúile mór-thimpeall agus laistigh; ní théann aon stad orthu de lá ná dʼoíche ach ag rá:
9“Is naofa, naofa, naofa,
an Tiarna Dia Uilechumhachtach;
an té a bhí ann, atá, agus atá le teacht.”
10Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa rí-chathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa rí-chathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na rí-chathaoireach dá rá: 11“A Thiarna agus a Dhia linn, is fiú thú glóir agus onóir agus cumhacht a fháil, óir is tú a chruthaigh an uile ní agus is trí do thoil a tháinig siad ann agus a cruthaíodh iad.”
Currently Selected:
Apacailipsis (Taispeántadh) 4: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.