1
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:9
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Chan siad iomann nua dá rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus dʼfhuascail tú daoine do Dhia le dʼfhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine
Compare
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 5:9
2
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:12
Agus is é a bhí dá rá acu de ghlór ard: “Is fiú é an tUan arna bhású, é a fháil cumhachta, agus saibhris, agus eagna, agus nirt, agus onóra, agus glóire, agus molta.”
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 5:12
3
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:10
agus rinne tú díobh ríocht agus sagairt dár nDia, agus rialóidh siad ar talamh.”
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 5:10
4
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:13
Ansin, an uile chréatúr sna flaithis, agus ar talamh, agus faoi thalamh, agus sa bhfarraige, chuala mé iad go léir sna baill sin, dá rá: “Go raibh moladh agus onóir agus glóir agus cumhacht don té atá ina shuí sa rí-chathaoir agus don Uan ar feadh na síoraíochta.”
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 5:13
5
Apacailipsis (Taispeántadh) 5:5
Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! Bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n-osclódh sé an scrolla agus a sheacht séala.”
Explore Apacailipsis (Taispeántadh) 5:5