Apacailipsis (Taispeántadh) 3
3
Sairdeas
1“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdeas: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom dʼoibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú. 2Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé dʼoibreacha foirfe os comhair mo Dhé. 3Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort. 4Ach tá beagán agat i Sairdeas, daoine nár shalaigh a n-éidí; agus siúlfaidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é. 5An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair mʼathar agus os comhair a aingeal. 6An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’
Filideilfia
7“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine: 8Is eol dom dʼoibreacha. Féach! Chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir dʼaon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú mʼfhocal agus níor shéan tú mʼainm. 9Féach! Tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit. 10De bhrí gur choinnigh tú focal mʼfhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh. 11Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfaidh aon duine do choróin. 12An té a bheireann bua, déanfaidh mé colún de i dteampall mo Dhé, agus ní rachaidh sé amach go deo arís; agus scríobhfaidh mé ainm mo Dhé air, agus ainm chathair mo Dhé, an Iarúsailéim Nua, a thiocfaidh anuas as Neamh, ó mo Dhia, agus mʼainm nua féin. 13An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’
Láódacáia
14“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láódacáia: ‘Mar seo a deir an tÁiméan, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé. 15Is eol dom dʼoibreacha, nach fuar thú agus nach te. Och nach fuar nó te thú! 16De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach. 17Óir deir tú: “Táim saibhir, táim faoi chonách, níl aon easpa orm”; agus gan a fhios agat go bhfuil tú dearóil, truamhéalach, bocht, dall, gan éadach. 18Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeidh tú saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus ungadh le do shúile a ungadh chun go mbeidh radharc agat. 19An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí. 20Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus mé ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aige-sean faram-sa. 21An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo rí-chathaoir, faoi mar a bhí an bua agam-sa agus gur shuigh mé taobh le mʼathair ina rí-chathaoir-sean. 22An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil dá rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.’”
Currently Selected:
Apacailipsis (Taispeántadh) 3: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.