Salm 89
89
Turnamh Theaghlach Dháiví
1 Mascil Ethan an dúchasach.
2Canfaidh mé de shíor faoi do bhuan-ghrá, a Thiarna;
fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
3Óir is deimhin gur daingníodh do bhuan-ghrá go brách,
agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
4“Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé;
dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
5 ‘Socróidh mé do shliocht go brách,
agus bunóidh mé do rí-chathaoir go deo.’ ”
6Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna;
tá dʼfhírinne dá moladh ag comh-thionól na naomh.
7Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta,
cé atá in-churtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
8Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh;
is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
9A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat?
Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.
10Is agat-sa atá ceannas ar fhraoch na farraige;
is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.
11Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de;
agus scaip tú dʼeascairde le do chuisle chumhachtach.
12Is leat na flaithis, is leat an talamh;
is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.
13Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart;
molann Tábór agus Hearmón dʼainm le corp áthais.
14Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna,
is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
15Cóir agus ceart atá mar bhonn do do rí-chathaoir;
gabhann buan-ghrá agus dílseacht romhat amach.
16Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais;
siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.
17Déanann siad gairdeas i dʼainm feadh an lae;
agus déantar a móradh as ucht dʼfhíréantachta.
18Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta;
agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.
19Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint;
agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.
20Labhair tú tráth i bhfís
dá rá le do chairde naofa
“Thug mé cabhair do ghaiscíoch;
dʼardaigh mé fear tofa den phobal.
21Fuair mé Dáiví, mo ghiolla;
rinne mé a ungadh le mʼola naofa
22dʼfhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor;
agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.
23Ní mheallfaidh an namhaid go brách é,
ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,
24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair;
agus buailfidh mé lucht a fhuatha.
25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair;
agus is i mʼainm-se a ardófar a neart.
26 Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara
agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.
27 Glaofaidh sé orm: ‘Is tú mʼathair;
is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’
28 Ceapfaidh mé ina chéad-ghin mic é;
an té is airde i measc ríthe na cruinne.
29 Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó;
agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.
30 Socróidh mé a shliocht go síoraí
agus a rí-chathaoir mar laethanta na bhflaitheas.
31 Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí,
mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,
32 más amhlaidh a sháraíonn siad mʼfhorálacha,
nó más amhlaidh a bhriseann siad mʼaitheanta,
33 agróidh mé a gcion orthu leis an tslat;
agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,
34 ach ní bhainfidh mé mo bhuan-ghrá de go deo;
ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.
35 Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal;
ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.
36 Aon uair amháin a mhionnaigh mé;
dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.
37 Mairfidh a shliocht go brách;
beidh a chathaoir mar an ngrian i mʼfhianaise;
38 mairfidh sí go buan mar an ngealach,
ina finné fíordhílis ar neamh.” Selah
39 Ach theilg tú uait le déistin
is le corp feirge an té a dʼung tú féin.
40 Bhris tú do chonradh le do ghiolla;
agus thruailligh tú a choróin sa deannach.
41 Leag tú a mhúrtha go léir;
agus dʼfhág tú a dhún ina fhothrach.
42 Creachann a ngabhann an tslí é
ionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.
43 Dʼardaigh tú deaslámh a naimhde;
chuir tú áthas ar a eascairde go léir.
44 Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh;
is níor thug tú an bua dó sa chath.
45 Chuir tú cosc lena ghlóir-réim;
leag tú a rí-chathaoir ar lár.
46 Ghiorraigh tú laethanta a óige;
agus dʼfhág tú faoi náire shaolta é.
47 Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach–an go brách é?
Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?
48 Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol;
an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?
49 Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás,
nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?
50 Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna
a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?
51 Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh;
agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha–
52 na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna,
lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh.
52 Moladh go deo leis an Tiarna;
áiméan agus áiméan!
Currently Selected:
Salm 89: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.