Salm 88
88
Faoi Bhráca an Bhróin
1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.
2A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;
bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.
3Go dtaga mo ghuí ag triall ort;
claon do chluas chun mo ghlóir.
4Óir tá mʼanam lánualaithe le buarthaí;
tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.
5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;
agus ráinig mé mar neach gan neart;
6mar dhuine ina aonar i measc na marbh,
amhail an t‑ár ina luí san uaigh,
atá imithe as do chuimhne go brách,
agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.
7Chuir tú go domhain san uachais mé,
in íochtar an duibheagáin dhorcha.
8Luíonn do dhíbheirg go trom orm;
tá mé báite faoi do thonnta go léir.
9Chuir tú mo chairde i bhfad uaim;
thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.
Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;
10tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.
Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;
is chugat a shínim mo lámha.
11An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?
an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?
12An bhfógrófar do ghrá san uaigh,
nó do dhílseacht i measc na marbh?
13An bhfoilseofar dʼéachtaí sa dorchacht;
agus dʼfhíréantacht i dtír na díchuimhne?
14Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,
is chugat a thagann mʼurnaí ar maidin.
15Cad chuige duit mʼanam a ruaigeadh?
cad fáth a bhfolaíonn tú dʼaghaidh orm?
16Tá mé i mʼainniseoir, i riocht bháis ó mʼóige;
scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.
17Tháinig do dhíbheirg orm anuas,
agus rinne do sceimhle mo scriosadh.
18Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;
tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
19Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;
is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.
Currently Selected:
Salm 88: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.