Salm 90
90
An Ceathrú Leabhar
Síoraíocht Dé agus Díomuaine an Duine
1 Achainí Mhaois, giolla Dé.
A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn,
ár ndídean ó ghlúin go glúin.
2Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte,
sular rugadh an talamh agus an chruinne,
is tú Dia gan tús gan deireadh.
3Déanann tú deannach arís den duine
dá rá: “Ar ais libh, a Ádhamhchlann.”
4Óir níl míle bliain i dʼfhianaise
ach mar an lá a dʼimigh tharainn inné,
nó mar a bheadh faire na hoíche.
5Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling,
nó mar fhéar úrghlas na maidine.
6Eascraíonn sé ar maidin agus bláthaíonn sé
baintear é agus feonn sé um thráthnóna.
7Táimid dár gcnaí go dearfa le dʼfhearg;
scanraítear sinn le dásacht do dhíbheirge.
8Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne,
ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
9Gabhann ár laethanta tharainn is tú i bhfeirg linn;
cuirtear deireadh lenár mblianta amhail osna.
10Seachtó bliain suim ár saolré;
nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte.
Saothar agus stró a sealsan;
imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
11Cé a chuimhníonn ar chumhacht do chuid feirge;
cé a mbíonn eagla air roimh neart do bhuile?
12Múin dúinn giorra shaoil an duine
chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.
13Fill orainn; cá fhad a bheidh tú feargach?
Déan trócaire ar do shearbhóntaí, a Thiarna.
14Tabhair ár sáith de do bhuan-ghrá ar maidin dúinn,
go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.
15Déan lúcháireach sinn i ndíol ar imir tú de bhuairt orainn;
i ndíol na mblianta ina bhfacamar an t‑olc.
16Taispeáin do bhearta do do sheirbhísigh;
agus do chlú is do chumhacht do do chlann.
17Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn
agus go soirbhí tú saothar ár lámh;
sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!
Currently Selected:
Salm 90: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.