Salm 87
87
Síón, Máthair na gCiníocha Uile
1 Salm chlann Chorach. Amhrán.
Is ionúin leis an Tiarna a chathair
suite sna sléibhte.
2Is ansa leis an Tiarna doirse Shíón
na bothanna uile Iacób.
3Maítear nithe glórmhara i do thaobh,
a chathair Dé!
4“Áireoidh mé Ráhab agus an Bhablóin
ar lucht mo adhartha.
Beidh Filistía agus an Tuír agus an Aetóip
dá n‑áireamh ina gclann aici.
5Agus beifear dá rá faoi Shíón:
Sí is máthair dó seo is dó siúd.’ ”
Is é an Tiarna, an Té is Airde,
a bhunaigh go daingean í.
6Scríobhfaidh an Tiarna i leabhar na bpobal:
“Rugadh iad uile san áit sin.”
7Ag rince dóibh beidh siad ag canadh:
“Níl foinse agam nach bhfuil ionatsa.”
Currently Selected:
Salm 87: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.