YouVersion Logo
Search Icon

Salm 86

86
Urnaí in Am na Trioblóide
1 Achainí Dháiví.
Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom,
óir tá mé go dearóil dealbh.
2Déan mʼanam a chosaint óir is dílis mé;
fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.
3Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna,
óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.
4Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh,
óir is chugat a thógaim mʼanam, a Thiarna.
5Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna,
lán de bhuan-ghrá dá mbíonn ag éamh ort.
6Éist le mʼurnaí, a Thiarna;
tabhair aire do ghlór mo ghuí.
7Is ort-sa a ghlaoim lá mo bhuartha;
de bhrí go n‑éisteann tú liom.
8Níl do shamhail i measc na ndéithe, a Thiarna;
ná níl neach ann a dhéanfadh do ghníomhartha.
9Na ciníocha go léir a rinne tú,
tiocfaidh siad do dʼadhradh, a Thiarna;
agus déanfaidh siad dʼainm a fhógairt.
10Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha;
is tú amháin is Dia ann.
11Múin do shlí dom, a Thiarna;
i dtreo go siúlfainn i dʼfhírinne;
agus déan mo chroí a dhíriú,
i dtreo gurab eagal liom dʼainm.
12Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia;
agus molfaidh mé dʼainm go brách.
13Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm;
sciob tú mʼanam leat ó dhuibheagán ifrinn.
14Dʼéirigh lucht díomais i mʼéadan, a Dhia,
tá drong gan trua ar thoir mʼanama,
drong nach bhfuil aird acu ort-sa
15A Thiarna Dia na trua agus na taise,
ar deacair thú a spreagadh chun feirge,
agus atá lán de ghrá agus dʼfhírinne:
16Féach orm agus bíodh trua agat dom.
Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna,
agus cúnamh do mhac do bhan-óglaigh.
17Tabhair dom comhartha do cheana
go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú,
toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.

Currently Selected:

Salm 86: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in