Salm 85
85
Athbhunú Chlann Iosrael
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.
2Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna;
dʼathraigh tú chun feabhais cinniúint Iacób.
3Mhaith tú a gcoir do do phobal
agus dʼfholaigh tú a bpeacaí go léir.
4Chuir tú cosc le dʼfhearg ar fad;
chuir tú suas de do chonfadh buile.
5 Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slánaitheoir;
agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.
6An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách,
nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?
7Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinn
chun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?
8Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,
agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.
9Éistfidh mé leis an Tiarna Dia
óir labhróidh sé ar son na síochána–
síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;
agus don dream a dʼiompaigh chuige ó chroí.
10Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe;
chun go gcónódh a ghlóir inár dtír.
11Casadh ar a chéile an buan-ghrá is an dílseacht;
phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile.
12Eascróidh an dílseacht as an talamh;
agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh.
13Cuirfidh an Tiarna an séan orainn;
agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh.
14Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach;
agus an slánú i slí a chois-céimeanna.
Currently Selected:
Salm 85: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.