YouVersion Logo
Search Icon

Salm 84

84
Is Méanar dá ndéanann Cónaí i dTeach Dé
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Salm le clann Chorach.
2Nach álainn go dearfa dʼáras,
a Thiarna na slua!
3Ag meirtniú le méin do mʼanam,
santaíonn sé cúirteanna an Tiarna.
Gairdíonn mo chroí is mo cholainn,
i nDia–an Dia bithbheo.
4An gealbhan féin, fuair sé teach;
fuair an fháinleog nead di féin
mar a gcuirfeadh sí a hál ag dʼaltóirí;
a Thiarna na slua, a rí liom is a Dhia.
5 Is méanar dá ndéanann cónaí i do theach;
beidh siad do do mholadh de shíor.
6Is méanar dóibh siúd gur tusa a neart;
an dream a mbíonn do shlite ina gcroí.
7Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin,
feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é;
líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.
8Téann siad ó neart go neart;
feicfidh siad Dia na ndéithe i Síón.
9A Thiarna na slua, éist le mo ghuí;
tabhair cluas dom, a Dhia Iacób. Selah
10Féach, a Dhia, ár sciath;
agus breathnaigh ar aghaidh dʼungthaigh féin.
11Bʼfhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna
ná míle lá in aon áit eile.
Bʼfhearr liom bheith ar thairseach theach Dé
ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
12Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia
a bhronnann orainn grásta agus glóir.
Ní eitíonn sé maitheas ar bith
ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.
13A Thiarna (a Dhia) na slua,
is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.

Currently Selected:

Salm 84: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in