Salm 83
83
In Aghaidh an Namhad
1 Amhrán. Salm Ásáf.
2Ná bí i do thost, a Dhia;
ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.
3Óir féach, tá do naimhde ag tógáil clampair;
agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.
4Chinn siad ar chomhairle in aghaidh do phobail;
chuaigh siad i gcogar in aghaidh aos do ghrá.
5 Dúirt siad: “Déanaimis a scriosadh mar phobal;
go ndéanfar dearmad ar ainm Iosrael feasta.”
6Déanann siad cogar le chéile dʼaon intinn;
déanann siad cor agus conradh i do choinne.
7Pubaill chlanna Eadóm agus Ísmeáéil;
pubaill chlanna Mhóáb agus Hágár,
8Geabal agus Amón agus Amáiléic;
na Filistínigh agus lucht áitrithe na Tuíre,
9Chuaigh an Aisiria mar an gcéanna i gcomhar leo;
a thabhairt cúnaimh agus nirt do chlann Lót. Selah
10Déan leo siúd mar a rinne tú le Midián;
le Síseará agus Iábaín cois an Chiseon;
11an mhuintir a díthíodh ag Éan Dór,
a ndearnadh aoileach dá gcoirp ar an talamh.
12Tabhair oidhe Oraeb agus Zéab ar a bhflatha,
oidhe Zéaba agus Zalmuná ar a dtaoisigh–
13an drong a dúirt: “Gabhaimis seilbh
ar pháirceanna Dé mar oidhreacht againn féin.”
14Cuir scaipeadh orthu, a Dhia, mar lóchán;
nó mar cháith ag imeacht le gaoith.
15Mar a loisceann an tine an choill,
mar a loisceann an lasair na sléibhte,
16cuir an ruaig orthu siúd le do dhoineann;
cuir sceimhle agus scanradh orthu le do stoirm.
17Folaigh a n‑éadan le náire;
nó go n‑iarrfaidh siad dʼainm, a Thiarna.
18Bíodh náire agus scéin go brách orthu;
go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!
19Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna;
an Té is Airde os cionn an domhain go léir.
Currently Selected:
Salm 83: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.