YouVersion Logo
Search Icon

Salm 82

82
Breith Dé ar Bhreithiúna Éagóracha
1 Salm Ásáf.
Éiríonn Dia sa chomh-thionól diaga
a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.
2“Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach;
agus lé agaibh le cúis na n‑éagráifeach? Selah
3Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta;
déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil.
4Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise;
sabhálaigí ó láimh na n‑éagráifeach iad.”
5Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht;
agus fothaí na talún dá mbogadh.
6Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh;
clann an Té is Airde sibh uile.
7Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine;
agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”
8Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh;
óir is leat na ciníocha go léir.

Currently Selected:

Salm 82: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in