YouVersion Logo
Search Icon

Salm 81

81
Féile an Fhómhair agus na hAthbhliana
1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.
2Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart;
tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacób.
3Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán,
an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach.
4Séidigí an stoc le linn na gealaí úire,
nuair is lán don ghealach, lá na féile.
5 Óir is bunreacht in Iosrael é;
is reacht é de reachtanna Dia Iacób
6a dʼachtaigh an dlí seo do Iósaef
nuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte.
7Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé:
“Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach
agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.
8Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú;
thug mé freagra ort as néal na doininne;
rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá. Selah
9Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh;
monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael!
10Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc;
ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh.
11Mise an Tiarna, bhur nDia,
a sheol sibh as tír na hÉigipte;
oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.
12Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór;
níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom.
13Thug mé suas iad do mhianta a gcroí;
chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.
14Dá mbʼáil le mo phobal éisteacht liom;
dá siúlfadh Iosrael i mo shlite,
15chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill;
agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.
16Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis;
ach bheidís faoi bhroid go brách.
17Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta;
agus líonfainn é le mil as an gcarraig.”

Currently Selected:

Salm 81: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 81