Salm 80
80
Fíon-ghort Scriosta
1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. Salm Ásáf.
2Éist linn, a aoire Iosrael,
a sheolann Iósaef mar thréad.
I do shuí ar na ceiribíní duit bí ag taitneamh
3ar Eafráím agus Biniáimin agus Manaise.
Corraigh do chumhacht, a Thiarna;
a Thiarna, tar chugainn dár sábháil.
4Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;
taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.
5 A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile,
ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?
6Bheathaigh tú iad le harán na ndeor;
agus thug tú flúirse deor dóibh le hól.
7Rinne tú ceap magaidh dínn dár gcomharsana;
agus bíonn ár naimhde ag fonóid fúinn eatarthu féin.
8Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;
taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.
9Thug tú fíniúin amach as an Éigipt;
dhíbir tú na ciníocha gur phlandaigh tú í.
10Rinne tú an ithir a réiteach di;
chuir sí a fréamhacha agus líon sí an tír.
11Folaíodh na sléibhte faoina scáth;
agus céadrais Dé faoina géaga.
12Shín sí a craobhacha chun na mara;
agus leath sí a bachlóga chun na habhann.
13Cad chuige duit a ballaí a bhriseadh;
go stoitheann gach aon neach a ghabhann thar bráid í?
14Creachann torc fiáin na coille í
agus alpann ainmhithe allta an mhachaire í.
15Cas ar ais, a Dhia na slua,
breathnaigh anuas ó neamh, agus féach,
16tabhair cuairt ar an bhfíniúin seo agus caomhnaigh í,
óir phlandaigh do dheaslámh féin í.
17An dream a thug tine di agus a ghearr anuas í
go scriosa bagairt do ghnúise iad.
18Go raibh do lámh ar fhear do dheasláimhe,
ar mhac an duine a neartaigh tú duit féin.
19Feasta, ní thréigfimid go brách thú;
athbheoigh sinn agus glaofaimid ar dʼainm.
20Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua;
taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar dár saoradh.
Currently Selected:
Salm 80: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.