Salm 79
79
An Sanctóir Scriosta
1 Salm Ásáf.
A Dhia, tháinig na ciníocha isteach i do thír
agus rinne siad truailliú ar do theampall naofa;
scrios siad Iarúsailéim go ndearna carnán cloch di.
2Thugadar mar an gcéanna corpáin do sheirbhíseach
chun a bheith ina mbia ag éanlaith an aeir
agus feoil do chuid naomh dʼainmhithe allta na tíre.
3Dhoirt siad a gcuid fola amhail uisce mór-thimpeall Iarúsailéim;
agus ní raibh duine le fáil a chuirfeadh san uaigh iad.
4Táimid mar ábhar aithise go dearfa ag ár gcomharsana;
is ceap magaidh agus scige sinn dá mbíonn inár dtimpeall.
5Cá fhad, a Thiarna? An mbeidh tú i bhfeirg linn go deo?
Cá fhad a bheidh dʼfhormad ar lasadh mar thine?
6Lig amach do racht ar na ciníocha;
ar na ríochtaí nach bhfuil admháil acu ar dʼainm.
7Óir is amhlaidh a dʼalp siad Iacób;
agus rinne siad a áras cónaithe a scriosadh.
8Ná leag orainne coireanna ár sean agus ár sinsear;
go dtaga do thrua inár ndáil gan mhoill
mar tá srathair na hainnise ag brú orainn go dóite.
9A Dhia ar slánaithe, brostaigh chun ár gcúnaimh;
cuidigh linn ar mhaithe le glóir dʼainm féin.
Fuascail sinn agus maith dúinn ár bpeacaí as ucht dʼainm.
10Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?”
Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl
go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.
11Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach;
agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.
12Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana;
an aithis urghránna a chas siad leat-sa.
13Ach sinne, do phobal agus caoirigh do pháirce,
tabharfaimid buíochas duit go brách na breithe;
agus foilseoímid do mholadh ó ghlúin go chéile.
Currently Selected:
Salm 79: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.