YouVersion Logo
Search Icon

Salm 78

78
Dilghrá Dé agus Diomaíochas an Duine
1 Mascil Ásáf.
Éist, a phobal, le mo theagasc;
claonaigí bhur gcluasa le briathra mo bhéil.
2Osclóidh mé mo bhéal i samhlaoidí
agus míneoidh mé rúndiamhra na seanaimsire.
3Na nithe ba chlos dúinn agus ab eol dúinn féin,
a dʼinis ár n‑aithreacha dúinn,
4nach cóir iad a cheilt ar a sliocht
ach a insint don ghlúin atá le teacht–
Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht
agus na míorúiltí móra a rinne sé
5nuair a dʼeisigh sé reachtanna do Iacób,
nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael.
Dʼordaigh sé mar aithne dár n‑aithreacha
an dlí seo a mhúineadh dá gclann
6ionas go mbʼeol don chéad ghlúin eile é,
agus don dream nár saolaíodh fós,
agus go n‑inseoidís siúd dá gclann féin é
7ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia,
gan oibreacha Dé a dhearmad
ach a aitheanta a choimeád de shíor,
8sula mbeidís mar a n‑aithreacha rompu
ina nglúin easumhal ceanndána;
glúin gan seasmhacht ina gcroí
nach raibh dílis do Dhia ina meanma.
9Bhí clann Eafráím gléasta leis an mbogha
ach thugadar dá mboinn é lá an chatha.
10Níor choinnigh siad a gconradh le Dia
níorbh áil leo siúl de réir a dhlí.
11Rinne siad dearmad ar a ndearna sé
agus ar na hiontais a nocht sé dóibh.
12Rinne sé míorúiltí i bhfianaise a sinsear
i dtír na hÉigipte, ar mhachaire Zoan.
13Roinn sé an mhuir is sheol sé trasna iad;
chuir sé na huiscí ina seasamh ina mballa.
14Threoraigh sé le néal iad de lá
agus le tine i gcaitheamh na hoíche.
15Scoilt sé na carraigeacha sa bhfásach,
mhúch sé a dtart le flúirse uisce
16nuair a mheall sé sruthanna as an gcarraig
is gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte.
17Ach lean siad leo ag peacú ina éadan;
thug siad dúshlán an Té is Airde sa bhfásach;
18chuireadar cathú ar Dhia ina gcroí;
dʼiarr siad bia air dʼfhonn a mianta a shásamh.
19Labhraíodar in aghaidh Dé, dá rá:
“An dtig le Dia bord a ghléasadh sa bhfásach?
20Is fíor nuair a bhuail sé an charraig
gur bhrúcht an t‑uisce ina thuilte;
ach an féidir dó arán a thabhairt dúinn
nó feoil a sholáthar dá phobal?”
21Arna chlos sin don Tiarna ghabh fearg é
agus fadaíodh tine in aghaidh Iacób.
Líon sé le fearg in aghaidh Iosrael
22de bhrí nár chreid siad i nDia
agus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.
23Dʼaithin sé do néalta neimhe
agus dʼoscail sé doirse na spéire;
24dʼfhear sé anuas orthu manna le hithe
agus bhronn sé bia ó neamh orthu.
25Dʼith an duine arán na n‑aingeal
óir thug sé flúirse bia dóibh.
26Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu
agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.
27Dʼfhear sé orthu feoil mar dheannach
agus éanlaith mar ghaineamh na trá.
28Lig sé anuas i lár a gcampa iad
ar gach taobh thart timpeall a mbothanna.
29Dʼitheadar a sáith, dá bhrí sin,
óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.
30Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh
agus an bia ina mbéal go fóill
31nuair a dʼéirigh fraoch Dé ina n‑éadan,
is gur leag sé ar lár a dtréanfhir,
is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.
32Dá ainneoin sin uile pheacaigh siad
agus níor chreid siad a éachtaí iontacha
33gurb uime a scrios sé a laethanta
agus a chuir deireadh lena ré go tobann.
34Nuair a thugadh sé a n‑ár bhídís dá lorg
ag iarraidh Dé le fonn is le dúthracht.
35Chuimhnídís gurbh é Dia a gcarraig
ʼs gurbh é an Dia is Airde a dʼfhuascail iad.
36Ní bhídís ach dá bhladaráil lena mbéal
agus ag insint bréag lena dteanga,
37óir ní raibh siad dílis ó chroí dó
ná ní dhearna siad a chonradh a chomh-líonadh.
38Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach
mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh.
Is minic a chuir sé srian lena fhearg
agus nár lig sé a racht amach orthu.
39Ba cuimhin leis nach raibh iontu ach daoine;
anáil a ghabhann seacha gan casadh.
40Nach minic a bhí siad easumhal dó sa bhfásach,
go ndearna siad a chrá san uaigneas.
41Chuir siad cathú ar Dhia arís eile
agus chiap Neach Naofa Iosrael.
42Níor chuimhin leo feasta a ghníomhartha
ná an lá a shaor sé óna naimhde iad,
43nuair a dʼoibrigh sé a éachtaí, san Éigipt,
a mhíorúiltí ar mhachaire Zoan;
44nuair a rinne sé fuil dá n‑aibhneacha
ionas nach bhféadfaidís an t‑uisce a ól.
45Chuir sé cuileoga chucu a dʼalp iad,
agus froganna ina scaotha dá milleadh.
46Thug sé a bhfómhar don chruimh,
agus toradh a saothair don lócaiste.
47Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta
agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.
48Bhuail sé a n‑airnéis le clocha sneachta
agus a gcaoirigh le caora tine.
49Lig sé amach orthu racht a fheirge,
a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa;
slua de thimirí na tubaiste,
50go ndearna sé slí dá dhíbheirg.
Níor scaoil sé saor ón mbás iad
ach rinne sé a mbualadh leis an bplá.
51Bhuail sé gach céad-ghin san Éigipt;
céadthoradh a nirt i gcampa Hám.
52Sheol sé a phobal mar chaoirigh,
rinne a dtreorú mar thréad sa bhfásach.
53Sheol sé slan iad gan eagla
gur bádh a naimhde san fharraige.
54Sheol sé isteach ina thír naofa iad
chun an tsléibhe a bhuaigh a dheaslámh féin.
55Chaith sé na ciníocha rompu amach,
agus roinn sé an tír mar oidhreacht orthu;
thug sé ar threibheanna Iosrael
baint fúthu ina mbothanna siúd.
56Dá ainneoin sin uile thriail
agus shaighdigh siad an Dia is Airde,
agus dhiúltaigh dá aitheanta.
57Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha;
ba chosúil iad le bogha ar fiar.
58Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe;
chuir siad éad air lena ndealbha snoite.
59Chuala Dia agus dʼéirigh chun feirge,
gur dhiúltaigh go hiomlán dʼIosrael.
60Thréig sé a phailliún i Sileo
mar a raibh cónaí air i measc na ndaoine.
61Thug sé a neart i ndaorbhroid
agus a dtaibhse i láimh a naimhde.
62Thug sé a phobal féin don chlaíomh
le teann feirge in aghaidh a oidhreachta.
63Dódh a n‑ógánaigh ina mbeatha;
níor chuala a maighdeana laoi na bainise;
64Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh;
agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.
65Is ansin a dhúisigh an Tiarna
mar dhuine a dhúisíonn as a chodladh,
mar ghaiscíoch a bheadh ar meisce de dheasca fíona.
66Bhuail sé a naimhde i ndiaidh a gcúil
agus dʼfhág sé faoi náire go deo iad.
67Dhiúltaigh sé do bhoth Iósaef
agus ní dhearna sé rogha de threibh Eafráím.
68Ach rinne sé rogha de threibh Iúdá;
Sliabh Shíón dár thug sé grá.
69Thóg sé a scrín i gcosúlacht neimhe;
mar an talamh a bhunaigh sé go brách.
70Agus thogh sé Dáiví a ghiolla;
dá thabhairt ó chróite na gcaorach.
71Thug sé ó chúram na gcaorach é
a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób,
agus Iosrael, a oidhreacht féin.
72Bheathaigh sé le croí gan cháim iad,
agus threoraigh iad go ciallmhar críonna.

Currently Selected:

Salm 78: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in