YouVersion Logo
Search Icon

Salm 77

77
Súil Siar
1 Don stiúrthóir. Dé réir Iduthun. Salm Ásáf.
2Glaoim ar Dhia os ard;
glaoim os ard i dtreo go n‑éistfidh sé.
3Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha;
Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche,
agus diúltaíonn mʼanam don sólás.
4Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia;
ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah
5 Baineann tú codladh na hoíche de mo shúile;
ní fhéadaim labhairt le méad mo bhuartha.
6Smaoiním ar na laethanta a dʼimigh;
is cuimhin liom na blianta fadó.
7Déanaim machnamh i mo chroí de shiúl oíche;
scrúdaím mé féin ó spiorad.
8An dtabharfaidh an Tiarna tarcaisne dúinn i gcónaí;
an ea nach mbeidh sé bámhar linn feasta?
9An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn;
an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?
10Ar thug Dia a thrua i ndíchuimhne;
ar bhuaigh an fhearg ar an taise aige? Selah
11Dúirt mé: “Is é mo laige
a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”
12Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna;
ar na hiontais a rinne tú fadó.
13Bím ag smaoineamh ar do ghníomhartha go léir;
déanaim machnamh ar dʼéachtaí móra.
14Is naofa do shlí, a Thiarna;
cén Dia atá chomh mór lenár nDia-na?
15Is tú an Dia a dhéanann éachtaí;
thaispeáin tú do chumhacht do na ciníocha.
16Le do chuisle do cheannaigh tú do phobal;
clann Iacób agus fós clann Iósaef. Selah
17Thug na huiscí dá n‑aire thú, a Dhia;
Thug siad dá n‑aire thú agus ghlac siad eagla,
agus chrith na duibheagáin le barr sceimhle.
18Bhí na scamaill ag stealladh uisce anuas;
bhí na spéartha ag caitheamh toirní go torannach;
agus do shaigheada ag scinneadh de gach leith dínn.
19Bhí do thoirneach ag tormáil mór-thimpeall
agus do splancacha ag soilsiú an tsaoil.
Corraíodh an talamh agus chrith sé.
20Bhí do shlí ar fud na farraige
agus do chosáin sna huiscí móra
bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.
21Sheol tú do phobal mar thréad
le láimh Mhaois agus Árón.

Currently Selected:

Salm 77: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 77