YouVersion Logo
Search Icon

Salm 68

68
Caithréim agus Bua
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
2Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhde
agus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
3Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad;
mar chéir a leátar i láthair na tine
rachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.
4Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé,
déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
5Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm,
déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta;
gairdígí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.
6Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach;
is é sin Dia ina áras naofa.
7Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;
seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais,
ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce.
8A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach,
nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah
9Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé–
i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.
10Dʼfhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar dʼoidhreacht;
thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.
11Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais
mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
12Tugann an Tiarna an briathar uaidh;
is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:
13“Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaite
agus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.
14Bíodh go bhfuil sibh-se in bhur luí i measc chróite na gcaorach
tá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgead
agus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,
15San uair a scaip an tUilechumhachtach na ríthe
agus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.”
16Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán;
is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.
17Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,
ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?
Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.
18Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;
tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.
19Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leat
agus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna–
fiú amháin ó lucht ceannairce i dʼáras, a Dhia.
20Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile,
an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é. Selah
21Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne;
tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.
22Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;
baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.
23Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;
tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,
24 chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhde
agus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.
25 Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;
mór-shiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;
26 na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh,
na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.
27 Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta;
molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.
28 Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tslua
agus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite;
mar aon le flatha Zeabalan agus flatha Naftáilí.
29 Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart,
an chumhacht sin a dʼoibrigh tú a Dhia, ar ár son.
30 As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,
bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.
31 Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach,
táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha;
sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid;
cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.
32 Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt
agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.
33 Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne,
seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah
34 atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde;
ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.
35 Tagaigí agus admhaígí mór-chumhacht Dé
a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha.
35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa;
is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal.
Moladh le Dia!

Currently Selected:

Salm 68: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in