YouVersion Logo
Search Icon

Salm 67

67
Buíochas le Dia as ucht an Fhómhair
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán.
2Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn;
taispeáin dúinn solas do ghnúise.
3Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh
agus do shlánú i measc na náisiún go léir.
4Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
5 Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas
toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,
[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];
treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah
6Go mola na ciníocha thú, a Dhia;
go mola na ciníocha go léir thú.
7Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach;
agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.
8Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn
agus gurab eagal le críocha na cruinne é!

Currently Selected:

Salm 67: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in