Salm 69
69
Táim ar lasadh le dúthracht do do Theach
1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Lilí”. [Salm] Dháiví.
1 Tarrthaigh mé, a Dhia;
tá na huiscí go bun na gcluas orm.
2Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin,
gan cos i dtaca agam.
3Chuaigh mé thar forás i ndoimhne na mara;
táim do mo bhá ag na tonnta.
4Dʼéirigh mé cortha de bheith ag glaoch;
tá mo scornach tirim.
Tá radharc mo shúl ag meath orm
agus mé ag feitheamh le mo Dhia.
5Ní lia ribí mo chinn
ná lucht mʼfhuatha gan fáth.
An drong lér mian mo mhilleadh
sáraíonn siad mé go héagórach.
An amhlaidh a thabharfaidh mé ar ais
an ní nár ghoid mé?
6Is eol duit mo bhaois, a Dhia;
is léir duit mo chionta.
7Nára cúis náire mé do dʼaos muiníne,
a Thiarna Dia na slua.
Nára cúis anbhá mé dá mbíonn ag feitheamh leat,
a Dhia Iosrael.
8Ar do shon-sa a dʼfhulaing mé aithis
agus bhí luisne na náire i mo ghnúis.
9Is strainséir mé ag mo bhráithre féin;
is coigríoch mé ag clann mo mháthar.
10Tá mé ar lasadh le dúthracht do do theach;
is orm a thit aithisí lucht do cháinte.
11Nuair a chiap mé mʼanam le troscadh
chaith siad achasán liom dá chionn.
12Agus an uair a chuir mé sac-éadach orm
is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
13Bíonn na dailtíní sráide ag tromaíocht orm,
agus is ábhar amhrán mé ag lucht ólacháin.
14Chugatsa a chuirim mʼurnaí, a Thiarna,
ar uair na faille, a Dhia.
Éist liom de réir do mhórthrócaire
agus do chúnaimh gan teip.
15Tóg as an láib mé dʼeagla mo bháite;
saor mé ó mʼeascairde.
Saor mé ó dhuibheagán na mara
16sula n‑éirí na tonnta orm.
Nár shloga an fharraige siar mé;
nár dhúna an poll orm.
17Freagair mé as ucht do bhuan-ghrá, a Thiarna,
iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire.
18Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla;
freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.
19Tar i ngar do mʼanam agus fuascail mé;
saor mé mar gheall ar mo naimhde.
20Is eol duit mʼaithis is mo náire,
tá mʼeascairde go léir i do láthair.
21Is briste mo chroí de chionn aithise
ionas gur fágadh mé go faonlag fann.
Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é;
le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
22Thugadar domlas le hithe dom
agus fínéagra le hól dom i mo thart.
23Go raibh a mbord ina dhol chun a gceaptha
agus a bhfleánna ina ngaiste dá gcairde.
24 Go ndalltar a súile ionas nach bhfeice siad;
go raibh crith cos is lámh orthu go brách.
25 Go lige tú do racht amach orthu.
Go mbeire orthu teas do dhíbheirge.
26 Go bhfágtar a gcampa ina uaigneas;
go bhfágtar a n‑áitribh gan neach iontu.
27 Óir chuir siad tóir ar an té a bhuail tú,
agus chuir créacht leis na créachtaí a thug tú dó.
28 Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide,
agus nár thaga siad choíche chun dʼfhíréantachta.
29 Scriostar as leabhar na mbeo iad
agus ná scríobhtar a n‑ainmneacha i measc na bhfíréan!
30 Maidir liom-sa, cé gur daibhir dobrónach mé,
déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia.
31 Molfaidh mé ainm Dé le hamhrán
agus mórfaidh mé é le breith buíochais.
32 Is mó a thaitneoidh sin leis an Tiarna
ná damhra le hadharca agus crúba.
33 Féachaigí, a lucht na huirísle, agus gairdígí;
bíodh tógáil croí oraibh, a lucht chuardaithe an Tiarna.
34 Óir éisteann an Tiarna leis na bochta;
ní thugann sé droim láimhe dá bhraighdeanaigh.
35 Go mola na spéartha agus an talamh é;
an mhuir agus a maireann inti.
36 Óir déanfaidh Dia Síón a shaoradh
agus atógfaidh sé cathracha Iúdá.
37 Déanfar cónaí iontu, beifear dá sealbhú:
beidh siad ina n‑oidhreacht ag sliocht a sheirbhíseach,
ina n‑áitreabh ag lucht a ainm a ghráú.
Currently Selected:
Salm 69: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.