YouVersion Logo
Search Icon

Salm 143

143
Urnaí in Am an Bhuairimh
1 Salm Dháiví.
Éist le mʼurnaí, a Thiarna;
éist le mʼachainí as ucht do dhílse,
freagair mé as ucht dʼfhíréantachta.
2Ná glaoigh ar do ghiolla chun breithiúnais;
óir níl aon neach fíréanta i dʼfhianaise.
3Óir chuaigh an namhaid sa tóir orm;
threascair sé mʼanam go huir;
thug sé orm fanacht sa dorchacht
ar nós daoine atá marbh le fada.
4Dá bhrí sin tháinig meath ar mo mheanma;
agus chalcaigh mo chroí istigh ionam.
5Is cuimhin liom na laethanta fadó;
déanaim machnamh ar dʼoibreacha go léir.
Bím ag smaoineamh ar shaothar do lámh
6agus sínim mo sciatháin amach chugat;
mar thalamh spalptha bíonn mʼanam ag tnúth leat.
7Éist liom gan mhoill, a Thiarna,
óir tá mo mheanma dá cloí.
Ná cuir dʼaghaidh i bhfolach orm,
sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.
8Cuir do bhuan-ghrá in iúl dom ar maidin,
óir is ionat a chuirim mo dhóchas.
Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam,
óir is chugatsa a thógaim mʼanam.
9Fuascail mé ó mʼeascairde, a Thiarna;
óir chuir mé mé féin faoi do choimirce.
10Múin dom do thoil a dhéanamh,
óir is tú mo Dhia, a Thiarna.
Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh,
isteach sa talamh comhréidh.
11Cosain mo bheo as ucht dʼainm, a Thiarna;
i dʼfhíréantacht saor mʼanam ón anacair.
12Déan mo naimhde a dhíothú as ucht do chineáltais;
agus cuir ó mhaith a mbíonn ag déanamh cos ar bolg orm;
óir is mé do sheirbhíseach, a Thiarna.

Currently Selected:

Salm 143: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in