Salm 144
144
Ar Son Bua agus Síochána
1 [Salm] Dháiví.
Moladh leis an Tiarna, mo charraig,
a oileann mo lámha chun catha;
agus fós mo mhéara chun cogaidh.
2Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean;
is é mo dhún é agus mʼfhuascailteoir;
mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas;
cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.
3A Thiarna, cad é an duine go dtógfá ceann de,
nó mac an duine go mbeadh meas agat air?
4Is cosúil an duine le puth anála;
agus a ré le scáil a ghabhann thart.
5Ísligh do spéartha agus tuirling;
bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach.
6Teilg amach uait na splancacha agus scaip iad;
scaoil uait do shaigheada dá dtreascairt.
7Sín do lámh uait anuas le mé a shaoradh
is a fhuascailt ó na tuilte agus ó láimh na n‑eachtrannach,
8a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,
agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.
9Canfaidh mé amhrán nua duit, a Dhia;
seinnfidh mé ar chláirseach na ndeich dtéad duit.
10Óir is tú a thugann an bua do ríthe;
agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.
11Tabhair saor ó chlaíomh an oilc mé;
sábháil ó láimh na n‑eachtrannach mé,
a mbíonn an bhréag de shíor ina mbéal acu,
agus a ndeaslámh ina deasláimh éithigh acu.
12Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn,
agus iad ag fás ina n‑óige;
gura cosúil ar n‑iníonacha le colúin chúinne,
arna snoí mar cholúin an teampaill.
13Go raibh ár sciobóil ag cur thar maoil le gach toradh,
agus ár dtréada ag breith ina mílte,
agus ina ndeicheanna de mhílte inár bpáirceanna.
14Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna;
ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht,
ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.
15Is méanar don mhuintir arb amhlaidh dóibh;
an mhuintir a bhfuil an Tiarna ina Dhia acu.
Currently Selected:
Salm 144: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.