YouVersion Logo
Search Icon

Salm 142

142
Is é an Tiarna a bhfuil agam i dTír na mBeo
1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.
2Glaoim os ard ar an Tiarna;
achainím os ard ar an Tiarna.
3Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise;
agus nochtaim mʼanacra ina láthair.
4Nuair a bhí mo spiorad dá chloí istigh ionam,
bʼeol duit féin mo shlí.
Sa tslí ina bhfuil mo shiúl
cuireadh gaiste i bhfolach romham.
5 Breathnaím ar mo dheis agus feicim
nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom.
Níl bealach éalaithe agam;
ní chuireann aon neach spéis i mʼanam.
6Is ort a ghlaoim, a Thiarna;
deirim: “Is tú mo dhídean;
a bhfuil agam i dtír na mbeo.”
7Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao;
óir tá mé i gcorrach na haimiléise.
Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna,
óir is treise iad siúd ná mé.
8Seol mé amach as an gcarcair seo
chun go dtabharfaidh mé buíochas do dʼainm.
Tionólfaidh na fíréin i mo thimpeall
toisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.

Currently Selected:

Salm 142: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in