Salm 132
132
Gealltanas Dé do Theaghlach Dháiví
1 Amhrán Oilithreach.
Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví,
agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,
2ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna,
ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacób:
3“Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí;
ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.
4Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile;
ná codladh do rinn mo rosc
5nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna,
teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacób.”
6Chualamar trácht air, féach, in Eafrát;
agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.
7“Téimis isteach ina áras;
agus adhraimis ag stóilín a chos.”
8Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,
tú féin agus áirc do mhaorgachta.
9Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;
go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.
10Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,
ná diúltaigh don té a dʼung tú.
11Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,
briathar daingean nach rachaidh sé siar air:
“Is é mac do cholainne féin
a chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.
12Má choimeádann do chlann mo chonradh,
agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh,
beidh a gclann siúd freisin go brách
ina suí ar do chathaoir ríoga.”
13Óir roghnaigh an Tiarna Síón;
is é ba rogha leis mar áras dó féin.
14Is é seo áit mo shuaimhnis go brách;
bainfidh mé fúm ann óir is ann atá mo thaitneamh.
15Beannóidh mé le flúirse bia é;
tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta.
16Gléasfaidh mé a shagairt le slánú,
agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.
17Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví;
réiteoidh mé lóchrann do mʼungthach.
18 Clúdóidh mé a naimhde le náire,
ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.
Currently Selected:
Salm 132: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.