YouVersion Logo
Search Icon

Salm 131

131
Mar Naíonán i mBaclainn a Mháthar
1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.
Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna;
níl mo shúile go huaibhreach.
Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra,
a théann thar mʼacmhainn.
2Ach mar naíonán [a bhainfí de dhiúl],
thug mé mʼanam chun suaimhnis.
Mar naíonán i mbaclainn a mháthar,
atá mʼanam istigh ionam.
3A Iosrael, cuir do dhóchas sa Tiarna,
anois agus choíche.

Currently Selected:

Salm 131: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in