Salm 133
133
Aoibhneas an Ghrá Bhráithriúil
1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.
Féach! nach maith agus nach aoibhinn é
go mbeadh bráithre ina gcónaí le chéile.
2Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann,
agus a shil ar an bhféasóg–
a shil anuas ar fhéasóg Árón,
go himeall a fhallainge.
3Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titim
anuas ar Shliabh Shíón.
Is ann a thug an Tiarna beannacht,
agus beatha go brách.
Currently Selected:
Salm 133: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.