YouVersion Logo
Search Icon

Salm 130

130
Salm Aithrí agus Dóchais
1 Amhrán Oilithreach.
As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna;
éist, a Thiarna, le mo ghuí.
2Go n‑éiste do chluasa go haireach
le mo ghlór ag impí ort.
3Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna,
a Thiarna, cé rachaidh slán?
4Ach is leat na peacaí a mhaitheamh;
ionas go riarfaí go humhal duit.
5Tá muinín ag mʼanam as an Tiarna;
ar a bhriathar atá mo sheasamh.
6Is foighní mʼanam ag feitheamh leis an Tiarna,
ná lucht faire leis an maidin.
Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,
7agus Iosrael leis an Tiarna,
de bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire,
agus an fhuascailt fhairsing.
8Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailt
óna gcionta go léir.

Currently Selected:

Salm 130: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in