YouVersion Logo
Search Icon

Salm 129

129
Achainí in aghaidh an Namhad
1 Amhrán Oilithreach.
Is minic a crádh mé ó mʼóige;
abradh Iosrael anois:
2Is minic a crádh mé ó mʼóige,
ach ní dhearnadh mo threascairt.
3Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim;
rinne siad a gclaiseanna fada.
4Ach ghearr an Tiarna fíréanta
cordaí na n‑éagráifeach.
5An dream ar fuath leo Síón,
go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.
6Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí,
a sheargann sula sceitheann sé;
7nach líonann an buanaí a lámh leis,
ná an fear ceangail a bhrollach.
8Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí
“Bail ó Dhia ar an obair!
Beannaímid sibh in ainm an Tiarna;
anois agus choíche!”

Currently Selected:

Salm 129: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in