YouVersion Logo
Search Icon

Salm 120

120
An Teanga Chealgach
1 Amhrán Oilithreach.
Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh;
agus dʼéist sé liom.
2A Thiarna, saor mʼanam ar an mbéal urchóideach,
agus ar an teanga chealgach.
3Cad a imreoidh sé ort dʼfhonn an comhar a íoc leat,
a theanga chealgach?
4Saigheada géara an churaidh chalma,
agus sméaróidí dearga.
5Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach;
i bpubaill Chéadar.
6Is fada atá mʼanam ag lonnú leis an dream
ar fuath leo an tsíocháin.
7Nuair a labhraim ar son na síochána,
tugann siad fúm gan fáth.

Currently Selected:

Salm 120: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in