Salm 119
119
Dlí an Tiarna
Aleph
1Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail,
a shiúlann i ndlí an Tiarna.
2Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha,
dá lorg ó lanchroí.
3An mhuintir nach ndéanann urchóid;
ach a shiúlann ina shlite.
4Thug tú do phroiceapta dúinn
go gcomhlíonfaí go beacht iad.
5Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean,
dʼfhonn do reachtanna a choimeád.
6Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé
do dʼaitheanta uile.
7Molfaidh mé thú le dílseacht chroí
ag foghlaim dʼfhoraitheanta dom.
8Déanfaidh mé de réir do reachtanna;
ná tréig mé ar fad.
Beth
9Conas a mhairfidh an t‑ógánach go glan,
ach le dʼaitheanta a chomh-líonadh?
10Iarraim thú le mo chroí go hiomlán;
nár imí mé ó dʼaitheanta.
11Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí;
sula ndéanfainn peaca ort.
12Is beannaithe atá tú, a Thiarna;
múin do reachtanna dom.
13Is amhlaidh a dʼadmhaigh mé le mo bhruasa
for-aitheanta uile do bhéil.
14Gairdím i slí dʼfhorálacha
amhail san uile shaibhreas.
15Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc;
agus breithneoidh mé do shlite.
16Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna;
ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra.
Gimel
17Bí go maith le do ghiolla le go mairfidh mé,
agus go gcoimeádfaidh mé do bhriathra.
18Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh mé
iontais uile do dhlí.
19Táim i mo dheoraí ar talamh;
ná ceil orm dʼaitheanta.
20Bíonn mʼanam ag meirtniú de shíor,
is é ag tnúth le dʼfhoraitheanta.
21Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigh
a chuaigh ar seachrán ó dʼaitheanta.
22Tóg uaim tarcaisne agus aithis
toisc go nglacaim le do theagasc.
23Cé go dtéann prionsaí i ndáil chomhairle i mʼéadan,
bím ag machnamh ar do reachtanna.
24Óir is iad dʼfhorálacha mʼaoibhneas;
is iad do reachtanna mo chomhairleoirí.
Daleth
25Tá mʼanam ar lár sa luaithreach;
athbheoigh mé le do bhriathar.
26Mhínigh mé mo shlite, agus dʼéist tú liom;
múin do reachtanna dom.
27Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt,
agus déanfaidh mé machnamh ar dʼiontais.
28Bíonn mʼanam ag sileadh deor le neart bróin;
tabhair misneach dom le do bhriathar.
29Coinnigh mé ó shlí na hearráide,
agus tabhair dom do dhlí.
30Rinne mé rogha de shlí na fírinne;
chuir mé dʼaitheanta os mo chomhair.
31Bím ag cloí de shíor le dʼfhorálacha;
ná clis orm, a Thiarna.
32Rithfidh mé ar shlí dʼaitheanta;
nuair a cheansóidh tú mo chroí.
Hé
33Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna;
agus comh-líonfaidh mé go cruinn iad.
34Déan mo theagasc dʼfhonn do dhlí a chomh-líonadh
agus a choimeád ó chroí.
35Treoraigh mé ar chosán dʼaitheanta,
óir is ann atá mo thaitneamh.
36Claon mo chroí i leith dʼfhorálacha;
agus ná claon chun sainte é.
37Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas;
déan mo bheochan trí do shlíse.
38Cuir le do ghealltanas do do ghiolla;
le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat.
39Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom,
óir is aoibhinn iad dʼfhoraitheanta.
40Féach, is mian liom do phroiceapta;
tabhair dom an bheatha i dʼfhíréantacht.
Vau
41Go dtaga do bhuan-ghrá orm, a Thiarna,
agus do chabhair de réir do ghealltanais.
42Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte;
toisc gur muinín liom do bhriathar.
43Focal na fírinne ná bain as mo bhéal;
cuirim mo dhóchas i dʼfhoraitheanta.
44Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor,
go brách na breithe.
45Siúlfaidh mé i slí na saoirse,
mar táim ar lorg do theagaisc.
46Inseoidh mé dʼfhorálacha i láthair ríthe;
ní bheidh cotadh ar bith orm.
47Is i dʼaitheanta a bheidh mo thaitneamh
ós dóibh a thugaim grá.
48Agus tógfaidh mé mo lámha chun dʼaitheanta;
déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna.
Zain
49Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla;
lenar thug tú dóchas dom.
50Is é mo shólás le linn mo bhuartha,
gurb é do bhriathar a bheoigh mé.
51Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach:
ach ní chlaonaim ó do dhlí.
52Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna;
agus tugann siad sólás dom.
53Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach
a bhíonn ag tréigean do dhlí.
54Bíonn do reachtanna ina n‑amhrán agam,
in áit mo dheoraíochta.
55Cuimhním ar dʼainm de shiúl oíche, a Thiarna;
agus coimeádaim do dhlí.
56Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú,
gur choinnigh mé do phroiceapta.
Heth
57Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuid
do bhriathra a choimeád.
58Guím thú ó mo chroí go hiomlán:
déan trócaire orm de réir mar gheall tú.
59Rinne mé mo shlite a mheas,
agus dʼfhill mé ar dʼfhorálacha.
60Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill,
chun dʼaitheanta a chomh-líonadh.
61Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé;
níor dhearmad mé do dhlí.
62Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh,
mar gheall ar dʼfhoraitheanta córa.
63Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla,
agus a choimeádann do phroiceapta.
64Tá an talamh lán de do bhuan-ghrá, a Thiarna;
múin dom do reachtanna.
Teth
65Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna,
de réir do bhriathair.
66Múin dom eagna agus eolas;
tá mo dhóchas i dʼaitheanta.
67Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán;
ach anois coimeádaim do bhriathar.
68Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil;
múin dom do reachtanna.
69Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne;
ach comhlíonaimse do phroiceapta.
70Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige;
faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht.
71Is méanar dom go raibh mé do mo chrá;
ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna.
72Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse
ná na mílte dʼór agus dʼairgead.
Iód
73Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé;
múin dom dʼaitheanta a fhoghlaim.
74Feicfidh dʼaos eagla agus gairdeoidh siad,
toisc gur muinín liom do bhriathar.
75Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad dʼfhoraitheanta;
agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.
76Bíodh do bhuan-ghrá ina ábhar sóláis dom,
mar a gheall tú do do ghiolla.
77Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé,
óir is aoibhinn liom do dhlí.
78Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábhar
agus mé ag machnamh ar do phroiceapta.
79Go n‑iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú,
a thugann aire do dʼfhorálacha.
80Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna,
ionas nach bhfaighinn mo náiriú.
Caph
81Bíonn mʼanam ag tnúth le do shlánú;
cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
82Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas;
cathain a tabharfaidh tú sólás dom?
83Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach,
níor dhearmad mé do reachtanna.
84Cá líon laethanta do ghiolla?
Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí?
85Thochail na huaibhrigh claiseanna dom,
in aghaidh do dhlí.
86Is fíor iad do phroiceapta uile–fóir orm;
déantar mo chrá gan chúis.
87Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh,
níor thréig mé dʼaitheanta.
88Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire;
agus coimeádfaidh mé dʼfhorálacha.
Lamed
89Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna,
chomh daingean le neamh.
90Maireann dʼfhírinne go dtí an uile ghlúin,
mar an talamh a bhunaigh tú.
91Maireann siad go buan de réir do reachtanna;
fónann gach aon ní duit.
92Murach gurb aoibhinn liom do dhlí,
gheobhainn bás i mʼainnise.
93Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta,
óir is leo a thug tú beatha dom.
94Is leat mé; déan mé a tharrtháil,
toisc go lorgaim do phroiceapta.
95Tá na peacaigh ag fanacht liom dʼfhonn mo mhillte;
ach tugaim dʼfhorálacha do mʼaire.
96Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht;
ach gur fada fairsing í dʼaithne.
Mem
97A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna;
is ábhar machnaimh dom de shíor é.
98Rinne dʼaithne níos críonna ná mʼeascairde mé;
óir bíonn sí in éineacht liom de shíor.
99Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir,
toisc go machnaím ar dʼfhorálacha.
100Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí;
óir comhlíonaim do phroiceapta.
101Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint,
dʼfhonn do bhriathra a choimeád.
102Ní chlaonaim i leataobh ó dʼfhoraitheanta;
ós tú a mhúin mé.
103Is milse do bhriathra le mo charball;
ná mil le mo bhéal.
104Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta;
is gráin liom gach drochshlí.
Nun
105Is lóchrann do mo chosa do bhriathar;
is solas do mo chosán é.
106Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i mʼaigne,
dʼfhoraitheanta a choimeád.
107Tá mé buartha go mór, a Thiarna;
beoigh mé le do bhriathar.
108Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna;
agus múin dom dʼfhoraitheanta.
109Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaí
ach ní dhearmadaim do dhlí.
110Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach;
ach níor thréig mé do phroiceapta.
111Is iad dʼfhorálacha mo oidhreacht go brách;
cuireann siad áthas ar mo chroí.
112Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomh-líonadh
go beacht agus go brách.
Samek
113Is fuath liom an teanga liom leat;
ach is geal liom do dhlí.
114Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath;
cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
115Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide;
coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.
116Seas liom de réir dʼfhocail agus mairfidh mé;
ná teipeadh ar mo dhóchas.
117Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé;
coimeádfaidh mé do reachtanna go deo.
118Is beag ort a n‑imíonn ó do reachtanna;
toisc gur bréagach a mbeartas.
119Is salachar leat peacaigh uile na cruinne;
is uime a charaim dʼfhorálacha.
120Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat;
agus is eagal liom do reachtanna.
Ayin
121Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir;
ná tabhair suas do lucht leatroim mé.
122Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis,
sula dtreascraí na huaibhrigh mé.
123Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh,
agus i bhfírinne do bhriathair.
124Déan le do ghiolla de réir do bhuan-ghrá,
agus múin dom do reachtanna.
125Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom,
ionas gurab eol dom dʼfhorálacha.
126Is mithid duit gníomhú, a Thiarna,
óir sáraíodh do dhlí.
127Ar an ábhar sin is ansa liom dʼaitheanta,
ná an t‑ór is mine.
128Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile,
toisc gur fuath liom gach bréagshlí.
Pe
129Is iontach iad go dearfa do fhorálacha;
is uime sin a choimeádaim iad.
130Tugann foilsiú do bhriathair solas dom,
agus teagasc do lucht aineolais.
131Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl dom
agus mé ag tnúth le dʼaitheanta.
132Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua,
mar a dhéanann tú do do chairde.
133Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair;
ná gábhadh an urchóid for-lámhas orm.
134Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine;
agus coimeádfaidh mé do phroiceapta.
135Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla;
agus múin dom do reachtanna.
136Chaoin mé uisce mo chinn
toisc nár coimeádadh do dhlí.
Sade
137Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna;
agus is ceart do bhreithiúnas.
138Chuir tú dʼfhorálacha i bhfeidhm go cóir
agus go daingean diongbháilte.
139Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta,
mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.
140Tástáladh do bhriathar go dearfa
agus is geal le do ghiolla é.
141Is beag is fiú mé féin, agus is suarach;
ní dhearmadaim do phroiceapta.
142Is fíréantacht shíoraí í dʼfhíréantachtsa;
agus is daingean é do dhlí.
143Tháinig anuas orm diachair agus dochraide;
faighim mʼaoibhneas i dʼaitheantasa.
144Is fíréanta iad dʼfhorálacha go deo;
tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
Qof
145Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna;
coimeádfaidh mé do reachtanna.
146Glaoim ort; déan mé a tharrtháil;
agus coinneoidh mé dʼfhorálacha.
147I moiche na maidine bím ag glaoch ort;
cuirim mo dhóchas i do bhriathar.
148Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche,
ag déanamh mo mharana ar do bhriathar.
149Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuan-ghrá;
beoigh mé de réir dʼaithne.
150Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom,
agus iad i bhfad ó do dhlí.
151Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna;
agus is dílis iad dʼaitheanta.
152Is fadó a dʼaithin mé ar dʼfhorálacha
gur dhaingnigh tú iad go brách.
Resh
153Féach ar mʼangar agus fuascail mé
toisc nár dhearmad mé do dhlí.
154Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé;
déan mo bheochan le do bhriathar.
155Is fada an slánú ó na peacaigh,
toisc nach cúram leo dʼfhoraitheanta.
156Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna;
beoigh mé de réir dʼfhoraitheanta.
157Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha;
ní chlaonaim ó do phroiceapta.
158Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé,
toisc nár choimeád siad do bhriathar.
159Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna;
coinnigh beo mé le do bhuan-ghrá.
160Is í an bhuaine buaic do bhriathair;
maireann do reachtanna go brách.
Sin
161Déanann flatha géarleanúint orm gan fáth;
ach is eagal liom do bhriathra.
162Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair
mar dhuine a fhaigheann creach.
163Is fuath liom an t‑éitheach agus is gráin liom é;
i aoibhinn liom do dhlí.
164Seacht n‑uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit
as ucht do cheartbhreithiúnas.
165Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú;
ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.
166Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna;
agus comhlíonaim dʼaitheanta.
167Bíonn mʼanam ag coimeád do fhorálacha;
tugaim grá thar cuimse dóibh.
168Coimeádaim do phroiceapta agus dʼorduithe;
bíonn mo shlite uile i dʼfhianaise.
Tau
169Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna;
tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.
170Go dtaga mo ghuí i do láthair;
fuascail mé de réir dʼfhocail.
171Go dtuga mo bhruasa moladh duit;
nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom.
172Go gcana mo theanga do bhriathar;
óir is cóir iad dʼaitheanta.
173Go raibh do lámh i mʼaice chun cuidiú liom;
toisc gur thogh mé do theagasc.
174Santaím do shlánú, a Thiarna;
agus is aoibhinn liom do dhlí.
175Go maire mʼanam agus go mola sé thú;
agus go gcabhraí do reachtanna liom.
176Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg;
óir níor dhearmad mé riamh dʼaitheanta.
Currently Selected:
Salm 119: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.