Salm 121
121
Is é an Tiarna ár nDídean
1 Amhrán Oilithreach.
Tógaim mo shúile chun na sléibhte.
Cad as do mo chúnamh?
2Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh,
a rinne neamh agus talamh.
3Nár lige sé duit tuisliú go deo;
nár dhéana do gharda codladh.
4Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan
ar gharda Iosrael.
5Is é an Tiarna do gharda is do dhídean,
agus é ar do dheis.
6Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae,
ná an ré istoíche.
7Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú;
coimeádfaidh sé dʼanam.
8Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit,
anois agus choíche.
Currently Selected:
Salm 121: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.