YouVersion Logo
Search Icon

Salm 118

118
Iomann Buíochais don Tiarna
1 Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
agus go maireann a bhuan-ghrá go brách.
2Bíodh teaghlach Iosrael dá rá:
“Maireann a bhuan-ghrá go brách.”
3Bíodh teaghlach Árón dá rá:
“Maireann a bhuan-ghrá go brách.”
4Abradh an dream lenarb eagal an Tiarna:
“Maireann a bhuan-ghrá go brách.”
5Ghair mé ar an Tiarna i mo chruachás;
dʼfhreagair sé agus shaor sé mé.
6Tá an Tiarna i mʼfhochair; ní baol dom.
Cad a dhéanfaidh an duine dom?
7Tá an Tiarna i mʼfhochair ag cuidiú liom;
beidh mo naimhde romham faoi tháir.
8Is fearr dul i muinín an Tiarna
ná i muinín an duine.
9Is fearr dul i muinín an Tiarna
ná i muinín na bhflatha.
10Thimpeallaigh na ciníocha go léir mé;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
11Chruinnigh siad thart i mo thimpeall;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
12Chruinnigh siad i mo thimpeall mar bheacha,
ina mbladhaire amhail tine i measc driseog;
threascair mé in ainm an Tiarna iad.
13Teilgeadh síos mé i dtreo is go dtitfinn;
ach chuidigh an Tiarna liom.
14Is é an Tiarna mo neart is mo mhisneach;
is é a thug slán mé.
15Cluintear gártha lúcháire is caith-réime
i mbothanna na bhfíréan.
“Dʼoibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;
16is i a dheaslámh a dʼardaigh mé.
Dʼoibrigh deaslámh an Tiarna go tréan.”
17Ní éagfaidh mé, mairfidh mé;
agus inseoidh mé a mhóréachtaí.
18Cé gur smachtaigh an Tiarna go dian mé,
níor dhaor sé chun báis mé.
19Osclaígí dom doirse na fíréantachta;
rachaidh mé isteach a thabhairt buíochais.
20Seo agaibh doras an Tiarna
trína rachaidh na fíréin isteach.
21Gabhaim buíochas leat de bhrí gur éist tú liom;
agus gur tú mo shlánaitheoir.
22An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne ceann an chúinne di.
23Is é an Tiarna a rinne an ní seo,
agus is éachtach linn é.
24Is é seo an lá a rinne an Tiarna;
bíodh áthas is gliondar orainn.
25Fóir orainn, achainímid, a Thiarna;
a Thiarna, go n‑éirí linn!
26Is beannaithe in ainm an Tiarna
an té atá le teacht.
Beannaímid sibh as teach an Tiarna.
27Is é an Tiarna Dia ár solas.
Gabhaigí ar aghaidh i mór-shiúl le craobhacha
go beanna na haltóra.
28Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat;
móraim thú, a Dhia.
29Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
maireann a bhuan-ghrá go brách.

Currently Selected:

Salm 118: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in