Salm 111
111
Móroibreacha an Tiarna
Salm Aibítreach
1 Alleluia.
Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí,
i gcomhdháil agus i gcomh-thionól na bhfíréan.
2Is éachtach iad oibreacha an Tiarna,
inscrúdaithe do chách a charann iad.
3Is oirirc ollásach iad a oibreacha,
agus maireann a fhíréantacht go brách.
4Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí;
is trócaireach grámhar é an Tiarna.
5Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla;
cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.
6Dʼfhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal,
nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.
7Is dílis agus is cóir iad a oibreacha;
is daingean iad a aitheanta go léir.
8Maireann siad go buan agus go brách;
rinneadh iad le fíréantacht is le fírinne.
9Rinne sé a phobal a fhuascailt,
agus bhunaigh sé a chonradh go brách.
Is naofa a ainm agus is creathnach.
10Is é tús na heagna eagla Dé–
is ciallmhar iad lucht a adhartha;
mairfidh a mholadh go brách.
Currently Selected:
Salm 111: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.